Tá tuarastal €65,000 ag Donnchadh. Tá teach aige, atá ar leithligh óna aon-áit nó príomháit chónaithe. Fuair sé ioncam comhlán cíosa de €20,000 ón teach seo agus d’íoc sé costais incheadaithe €1,000.
In 2022, chaith Donnchadh €15,000 ar árasán íoslaigh a athchóiriú ina aon-áit chónaithe lena ligean. Ós rud é go gcáilíonn €10,000 den tsuim seo do liúntais chaithimh agus chuimilte, féadann sé €1,250 (€10,000*12.5%)a asbhaint mura n-éilítear an Faoiseamh i leith Seomra ar Cíos. (Ní fhéadann Donnchadh an liúntas caithimh agus cuimilte a asbhaint má tá an Faoiseamh i leith Seomra ar Cíos á éileamh aige.)
Ríomh cánach 2022
Lig Donnchadh an t-árasán íoslaigh ar cíos ar €750 sa mhí le haghaidh mhí na Samhna agus mhí na Nollag 2022. Chaith sé €500 ar tháillí ligin agus táillí dlíthiúla.
Ríomh Donnchadh a ioncam incháinithe do 2022 le Faoiseamh i leith Seomra ar Cíos.
Rinne Donnchadh a ioncam incháinithe a ríomh gan an Faoiseamh i leith Seomra ar Cíos chomh maith:
Rinne Donnchadh cinneadh díroghnú ón bhFaoiseamh i leith Seomra ar Cíos in 2022.
Cé go bhfuil a ioncam cíosa ón árasán íoslaigh incháinithe, féadfaidh sé liúntais chaithimh agus chuimilte agus costais €500 a úsáid. Cruthaíonn sé seo caillteanas cíosa €250 ón árasán íoslaigh a ligean. Féadann sé é seo a chur in aghaidh a ioncaim cíosa incháinithe ón teach.
Ríomh cánach 2023
In 2023, fuair Donnchadh cíosanna de €9,000 le haghaidh an árasáin íoslaigh.
Ríomh Donnchadh a ioncam incháinithe do 2023 le Faoiseamh i leith Seomra ar Cíos:
Rinne Donnchadh a ioncam incháinithe a ríomh gan an Faoiseamh i leith Seomra ar Cíos chomh maith: