Faoiseamh i leith Seomra a Ligean ar Cíos

Conas Faoiseamh i leith Seomra a Ligean ar Cíos a éileamh?

Ní mór duit an tsuim ioncaim dhíolmhaithe a chur isteach ar:

Gheobhaidh tú an faoiseamh atá dlite ansin.

Tá teorainn ama ceithre bliana ann chun faoiseamh a éileamh. Tá sé seo tábhachtach má bhí cáin á híoc agat i gcónaí ar d’ioncam cíosa nuair ba chóir don ioncam sin a bheith díolmhaithe.

Féadtar an faoiseamh a éileamh ar do Thuairisceán Cánach Ioncaim, ar moChúrsaí mar seo a leanas:

  1. Sínigh isteach ar moChúrsaí.
  2. Cliceáil ar ‘Déan athbhreithniú ar do cháin 2020-2023 faoin gcluaisín ‘Seirbhísí ÍMAT’.
  3. Roghnaigh 'Iarratas' ar Ráiteas Dliteanais, don bhliain chánach ar mian leat éileamh a dhéanamh ina leith.
  4. Cliceáil ar ‘Tosaigh’ ar an scáileán ‘Comhlánaigh do Thuairisceán Cánach Ioncaim’.
  5. Ar an leathanach ‘Creidmheasanna & Faoisimh Chánach’, cliceáil ar ‘Tú féin agus do theaghlach’ faoi ‘cuir creidmheasanna cánach leis’.
  6. Roghnaigh 'Faoiseamh i leith Seomra a Ligean ar Cíos' agus cuir isteach d'ioncam Comhlán Cíosa don bhliain chánach, ansin cliceáil ar 'Cuir Leis'.
  7. Cuir tic sa bhosca 'deimhnigh gach rud' agus cliceáil ar 'Ar Aghaidh'.
  8. Comhlánaigh, sínigh agus tíolaic an fhoirm.

Díroghnú

Mura mian leat an faoiseamh seo a fháil, féadtar iarraidh go ngearrfaí cáin ar an ioncam. Ní mór duit an t-iarratas a sheoladh:

Ní mór duit é seo a dhéanamh ar an dáta tíolactha tuairisceáin cánach, nó roimhe sin.

An t-ioncam a dhearbhú

Ní mór duit an t-ioncam ó chíos a dhearbhú, fiú nuair atá sé díolmhaithe ó Cháin Ioncaim mar gheall ar an bhFaoiseamh i leith Seomra ar Cíos.

Dearbhaítear an t-ioncam ar an gcaoi chéanna a n-éilítear an faoiseamh, is é sin:

  • ar Fhoirm 11 le Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) má tá tú faoin mbonn féinmheasúnaithe
  • ar do Thuairisceán Cánach Ioncaim le moChúrsaí má íocann tú cáin tríd an gcóras Íoca Mar a Thuillir (ÍMAT).

Ar aghaidh: Cén cineál áit chónaithe a cháilítear?