Faoiseamh ar Ioncam Cíosa ó Áitribh Chónaithe (FICÁC)

An chaoi leis an bhfaoiseamh a éileamh

Mar thiarna talún, féadtar an faoiseamh a éileamh ar do Thuairisceán Cánach Ioncaim. Más cáiníocóir féinmheasúnaithe thú, féadtar an faoiseamh a éileamh ar do Thuairisceán Cánach Ioncaim trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Chun an creidmheas a éileamh, comhlánaigh do Thuairisceán Cánach Ioncaim agus lean na céimeanna seo:

  1. Sínigh isteach ar ROS.
  2. Oscail an scáileán 'Mo Sheirbhísí Féin'.
  3. Cliceáil ar 'Tíolaic Tuairisceán'.
  4. Roghnaigh 'Cáin Ioncaim' ón roghchlár anuas.
  5. Roghnaigh an bhliain chánach ar mian leat tuairisceán a thíolacadh ina leith.
  6. Aimsigh an rannán 'Faoiseamh ar Ioncam Cíosa ó Áitribh Chónaithe' den tuairisceán cánach agus cuir isteach an fhaisnéis a iarrtar.

Más cáiníocóir Íoca Mar a Thuillir (ÍMAT) thú, féadtar an faoiseamh a éileamh ar do Thuairisceán Cánach Ioncaim ÍMAT i moChúrsaí. Féadfaidh cáiníocóirí ÍMAT aon dliteanas dlite a bheith acu tar éis faoiseamh a éileamh códaithe isteach ina nDeimhniú Creidmheasanna Cánach (DCC) do bhlianta cánach ina dhiaidh sin.

  1. Sínigh isteach ar moChúrsaí.
  2. Cliceáil ar 'Déan Athbhreithniú ar do Cháin 2020-2023' sa rannán 'Seirbhísí ÍMAT'.
  3. Iarr Ráiteas Dliteanais don bhliain riachtanach.
  4. Cliceáil ar 'Comhlánaigh do Thuairisceán Cánach Ioncaim'.
  5. Ar an leathanach 'Creidmheasanna Cánach agus Faoisimh', roghnaigh 'Tú féin agus do chlann' agus cliceáil ar 'Faoiseamh ar Ioncam Cíosa ó Áitribh Chónaithe'.
  6. Oibrigh trí phróiseas an éilimh.
  7. Tíolaic an Tuairisceán Cánach Ioncaim.

Is gá duit do ríomh féin a dhéanamh le chun a chinntiú cé mhéad atá tú i dteideal a éileamh.

Tabhair do d'aire

Tá tuilleadh treorach ar fáil in Tax and Duty Manual 15-03-04.

Ar aghaidh: Aisghlámadh an fhaoisimh