Íocaíochtaí cnapshuime

Díolúine mhéadaithe

Féadfaidh sé go bhfuil tú i dteideal méadú €10,000 ar an díolúine bhunúsach sna cásanna seo a leanas:

  • nach bhfuair tú suim sa bhreis ar an díolúine bhunúsach sna deich mbliana roimhe sin
  • agus
  • nach bhfuil tú mar bhall de scéim pinsin ceirde
  • go bhfuil tú i do bhall de scéim pinsean ceirde, ach go dtugann tú suas do cheart chun cnapshuim saor ó cháin a fháil ón scéim sin.

Féadfaidh sé go bhfuil tú dlite chun cnapshuim saor ó cháin a fháil ó do scéim pinsin. Má tá, asbhainfear an chnapshuim ón €10,000 breise mura dtarscaoileann tú do cheart chun é a fháil. Mura bhfuil an íocaíocht chnapshuime saor ó cháin dlite go fóill, bainfear luach reatha na híocaíochta sin ón €10,000.

Má tá an chnapshuim saor ó cháin ó do scéim pinsin níos mó ná €10,000, ní cháileoidh tú don díolúine mhéadaithe. Má tá sé níos lú ná €10,000, beidh tú incháilithe don díolúine mhéadaithe lúide méid na cnapshuime.

Féadfaidh sé gur aontaigh tú le do sholáthraí pinsin nach bhfaighidh tú íocaíocht chnapshuime choíche. Ní mór duit d’fhostóir a chur ar an eolas faoin gcomhaontú seo ionas go bhfaightear an díolúine mhéadaithe.

Ní fhéadfar an díolúine mhéadaithe a dheonú ach uair amháin i dtréimhse deich mbliana. Ní theastaíonn cead ó na Coimisinéirí Ioncaim uait sula mbainfidh tú leas as an méadú ar an díolúine bhunúsach.

Ar aghaidh: Íocaíochtaí cnapshuime