Tá Anna agus Séamus pósta agus tá siad faoin mbonn measúnaithe chomhpháirtigh. Is é Anna an céile inmheasúnaithe. Tá Anna 65 agus tá Séamus 67. €37,480 an ioncam iomlán atá acu le haghaidh 2025.
Tá trírín ag Anna agus Séamus atá ar an ollscoil faoi láthair. Mar thoradh air sin, méadaítear a dteorainn díolúine mar seo a leanas:
Teorainneacha díolúine Anna agus Séamus
Teorainneacha
|
Suimeanna
|
Teorainn Chaighdeánach Díolúine Pósta
|
€36,000
|
An Chéad Leanbh Cáilitheach
|
€575
|
An Dara Leanbh Cáilitheach
|
€575
|
An Tríú Leanbh Cáilitheach
|
€830
|
Teorainn Díolúine Coigeartaithe
|
€37,980
|
Ós rud é go bhfuil a dteorainn díolúine choigeartaithe os cionn a n-ioncam iomlán measúnaithe chomhpháirtigh do 2025, agus go bhfuil duine amháin acu ar a laghad 65 bliana d'aois nó níos sine, tá a n-ioncam díolmhaithe ó Cháin Ioncaim.
Baineann an díolúine le Cáin Ioncaim amháin. Féadfaidh sé go bhfuil ar Anna ÁSPC a íoc ar a hioncam ós rud é go bhfuil sí níos óige ná 66. Féadfaidh sé go bhfuil ar Séamus ÁSPC a íoc ar a ioncam ós rud é go bhfuil sé idir 66 agus 70 bliain d’aois. Braitheann sé seo ar cibé an bhfuair sé rochtain ar aon teidlíochtaí pinsin de chuid na Roinne Leasa Shóisialaigh agus an raibh sé 66 bliana d'aois faoin 1 Eanáir 2024. Féach Athruithe ar Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC) le haghaidh tuilleadh eolais air seo.
Féadfaidh sé go bhfuil Anna agus Séamas faoi réir an MSU chomh maith, agus ríomhtar é sin ar leithligh ó Cháin Ioncaim.