Díolúine agus faoiseamh imeallach

Faoiseamh imeallach

Má tá d’ioncam iomlán níos mó ná teorainn na díolúine, féadfaidh sé go bhfuil tú fós in ann faoiseamh imeallach a éileamh.

Tá faoiseamh imeallach ar fáil sa chás:

  • go bhfuil tú, nó do chéile nó páirtnéir sibhialta, níos sine 65
  • agus
  • go bhfuil d’ioncam iomlán níos lú ná dhá oiread theorainn na díolúine.

Cuireann an faoiseamh imeallach srian ar do Cháin Ioncaim iníoctha chuig 40% den difríocht idir d’ioncam iomlán agus do theorainn díolúine. Sa chás go ndeonaítear faoiseamh imeallach, ní bhfaighidh tú aon chreidmheasanna breise i leith d’ioncam.

Ní thabharfar Faoiseamh Imeallach duit ach amháin sa chás go bhfuil sé níos tairbhiúla ná do chreidmheasanna cánach a úsáid.

Féadfaidh sé gur deonaíodh faoiseamh imeallach duit i mbliain amháin, ach go mbraitheann tú go mbeadh sé níos tairbhiúla creidmheasanna cánach breise a éileamh.

Sa chás go dtarlaíonn sé seo, féadfaidh tú do chreidmheasanna a éileamh ar d’Fhoirm 12 leictreonach ach moChúrsaí a úsáid ar an ngnáthbhealach. Ríomhfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ansin an Cháin Ioncaim iníoctha ach do chreidmheasanna a úsáid agus comparáid a dhéanamh le do cháin iníoctha faoin bhfaoiseamh imeallach. Má tá an Cháin Ioncaim iníoctha níos lú ag baint úsáid as do chreidmheasanna, laghdóidh muid do mhuirear Cháin Ioncaim dá réir.

Sa chás seo, tá faoiseamh imeallach níos tairbhiúla do Shéamas ná a chreidmheasanna cánach a úsáid. Deonfaidh na Coimisinéirí Ioncaim faoiseamh imeallach do Shéamas agus beidh dliteanas Cháin Ioncaim €340 aige do 2024.