Faoiseamh i leith Íocaíochtaí Cothabhála

Cén chaoi a n-éilítear faoiseamh?

Daoine Aonair le ioncam Íoca Mar a Thuillir (ÍMAT)

Má íocann tú do cháin faoin gcóras ÍMAT, féadann leat moChúrsaí a úsáid chun éileamh a dhéanamh ar an gcreidmheas seo.

Éileamh a dhéanamh i leith na bliana reatha

Faoin gcluaisín 'Seirbhísí IMÁT', roghnaigh ‘Bainistigh do cháin’ agus ansin cuir an creidmheas leis. Eiseofar Deimhniú Creidmheasanna Cánach leasaithe chugat agus eiseofar Fógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI) leasaithe chuig d’fhostóir. Íocfaidh d’fhostóir aon aisíocaíocht atá dlite leat go díreach.

Éileamh a dhéanamh i leith blianta roimhe

Do 2020 agus blianta ina dhiaidh:

  1. Sínigh isteach ar moChúrsaí.
  2. Cliceáil ar an nasc ‘Déan athbhreithniú ar do cháin 2020-2023’ faoi 'Seirbhísí ÍMAT'.
  3. Iarr ‘Ráiteas Dliteanais’.
  4. Cliceáil ar 'Tosaigh' ar an leathanach 'Comhlánaigh Tuairisceán Cánach Ioncaim'.
  5. Roghnaigh ‘Íocaíochtaí Cothabhála Déanta’ ar an leathanach ‘Creidmheasanna Cánach agus Faoisimh’ agus cuir an creidmheas leis.
  6. Comhlánaigh an fhoirm agus tíolaic í.

Íocfaidh muid aon aisíocaíocht dhlite go díreach leat.

Daoine féinmheasúnaithe

Mura bhfuil ioncam ÍMAT agat, féadtar faoiseamh cánach a éileamh nuair a thíolacann tú d’Fhoirm 11 trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).