An Faoiseamh Cánach i leith Ús Morgáiste (Faoiseamh Cánach ag an bhFoinse – FCF)
Cén chaoi a ndéantar Faoiseamh Cánach ag an bhFoinse (FCF) a ró-íocadh a aisíoc?
Féadann ró-íocaíocht Faoisimh Chánach ag an bhFoinse (FCF) tarlú nuair a íoctar faoiseamh ó ús morgáiste i ndáil le ‘hiasacht le haghaidh áit chónaithe neamhcháilitheach’.
Má cuireadh in iúl duit, nó má tá a fhios agat, go bhfuair tú ró-íocaíocht FCF, ba chóir duit an tsuim seo a aisíoc gan mhoill. Féadtar an íocaíocht sin a dhéanamh ar líne nó ar an bhfón.
An méid a theastaíonn chun an tseirbhís a úsáid
Chun an tseirbhís a úsáid, is gá an méid seo a leanas a bheith agat:
- do chuid sonraí clárúcháin le haghaidh moChúrsaí nó Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)
- d’uimhir cuntais morgáiste
- an tsuim atá le haisíoc
- do chuid sonraí cárta creidmheasa, cárta dochair, nó d’uimhir idirnáisiúnta cuntais bainc (IBAN) agus do Chód Aitheantais Bainc (BIC).
Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís
Féadtar teacht ar an tseirbhís trí moChúrsaí:
- Cliceáil ar 'Déan Íocaíocht' ar an gcárta 'Íocaíochtaí/Aisíocaíochtaí' ar an deais i moChúrsaí tar éis duit síniú isteach ar moChúrsaí.
- Cliceáil ar 'Cáin' agus ansin roghnaigh 'taispeáin tuilleadh Cánacha'. Scrollaigh síos go dtí 'Ró-íocaíochtaí FCF'
Féadtar teacht ar an tseirbhís ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).
- Ón bpríomh-roghchlár ROS, cliceáil ar an gcluaisín ‘Mo Sheirbhísí Féin’.
- Sa rannán ‘Íocaíochtaí agus Aisíocaíochtaí’, oscail ‘Íocaíocht a dhéanamh’ agus roghnaigh an cineál íocaíochta ‘Íocaíocht Chánach/Deimhniú’ agus an cineál cánach ‘TRS’.
- Cliceáil ar an gcnaipe ‘Déan Íocaíocht’.
Íocaíocht ar an bhfón
Féadtar íocaíocht a dhéanamh freisin le cárta dochair nó creidmheasa trí ghlaoch ar 01 738 3663.