An Faoiseamh Cánach i leith Ús Morgáiste (Faoiseamh Cánach ag an bhFoinse – FCF)
Céard is iasacht morgáiste cháilitheach ann?
Ba éard a bhí in iasacht morgáiste cháilitheach ná iasacht a urraíodh trí eastát, ruílse nó léasach in áit chónaithe phríobháideach phríomha, a mhorgáistiú.
D'fhéadfadh iasacht morgáiste cháilitheach:
- a bheith ina morgáiste nua
- a bheith ina hiasacht bhreise a úsáidtear chun an áit chónaithe a fhorbairt nó a fheabhsú
- a bheith ina hiasacht ar leith d’áit chónaithe a úsáidtear chun an áit chónaithe a fhorbairt nó a fheabhsú
- nó
- a bheith ina hathmhorgáiste nó ina comhdhlúthú d’iasachtaí atá ann cheana féin.
Samplaí d’iasachtaí morgáiste cáilitheacha
Úsáideadh iasachtaí morgáiste cáilitheacha chun críocha:
- d’áit chónaithe a cheannach
- síntí nó chun ceann díobh seo a cheannach nó a thógáil
- garáiste
- seid gairdín
- teach gloine
- linn snámha
- cúirt leadóige
- cabhsán nó cosán a thógáil
- comhshó
- téamh lárnach a shuiteáil
- athshreangú agus pluiméireacht (suíteanna seomra folctha san áireamh)
- fuinneoga a athsholáthar agus gloiniú dúbailte
- aonaid seomra leapa agus cistine a cheannach agus a shuiteáil, ar aonaid iad a fheistítear don teach agus ar cuid den teach iad dá thoradh
- aláraim buirgléireachta nó dóiteáin a cheannach agus a shuiteáil
- suiteáil agus cóireáil i leith tais, críonlobhadh agus réadáin
- gairdíní a thírdhreachú (ballaí gairdín san áireamh)
- íocaíochtaí i leith scéimeanna grúpa uisce agus séarachais
- leas páirteach duine eile san áit chónaithe a cheannach
- táillí dlíthiúla agus táillí eile a bhaineann le d’áit chónaithe a cheannach nó a fhorbairt
- Dleacht Stampála ar cheannach d’áite cónaithe.
Ar aghaidh: Cén chaoi a ndéantar Faoiseamh Cánach ag an bhFoinse (FCF) a ró-íocadh a aisíoc?