Clárú le haghaidh Cáin Talún Cónaí-Chriosaithe (CTCC)

Gníomhairí le haghaidh CTCC

Féadtar gníomhaire a údarú chun do Thuairisceán CTCC a thíolacadh agus íocaíochtaí a dhéanamh ar do shon.

Ní mór duit a dhearbhú do na Coimisinéirí Ioncaim cén gníomhaire a d’údaraigh tú chun gníomhú thar do cheann le haghaidh CTCC. Chun é sin a dhéanamh, féadtar Foirm Fógra um Nasc le Gníomhaire a chur isteach chun d'údarú a dheimhniú. Féadtar an Fhoirm Fhógra um Nasc le Gníomhaire a thíolacadh chuig Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) nó moChúrsaí trí m'Fhiosruithe.

Féadfaidh gníomhairí teacht ar M’Fhiosruithe trí ROS más mian leo fiosrú a dhéanamh faoi chúrsaí cánach a gcliaint.

Níl Uimhir Cláraithe Cánach ag teastáil ó ghníomhairí atá bunaithe thar lear chun clárú.