Clárú le haghaidh Cáin Talún Cónaí-Chriosaithe (CTCC)

Léargas ginearálta

Tabhair do d’aire

Baineann CTCC le talamh atá san áireamh ar léarscáil athbhreithnithe bhliantúil a fhoilsíonn údarás áitiúil, agus nach maoin chónaithe atá ann. Is cáin bhliantúil fhéinmheasúnaithe í CTCC, a ríomhtar ag 3% de luach margaidh na talún laistigh de mhuirear na cánach.

Tá talamh atá le feiceáil ar léarscáil athbhreithnithe bhliantúil a fhoilsíonn údarás áitiúil, agus nach maoin chónaithe atá ann, faoi dhliteanas na cánach. Tugtar ‘láithreán ábhartha’ ar an talamh seo. Iarrtar ort athbhreithniú a dhéanamh ar na léarscáileanna seo chun a dheimhniú go bhfuil nó nach bhfuil do thalamh faoi réir na cánach.

Tá maoine áirithe, cé go bhfuil siad le feiceáil ar na léarscáileanna seo, eisiata ón gcáin amhail maoine cónaithe atá faoi réir na Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ).

Iarrtar ort, áfach, clárú le haghaidh CTCC más rud é go bhfuil do mhaoin chónaithe:

  • san áireamh ar léarscáil athbhreithnithe bliantúil
  • agus
  • go bhfuil gairdín nó clós ann atá níos mó ná 0.4047 heicteár (1 acra).

Maidir le talamh a chomhlíon critéir an CTCC ar an 1 Eanáir 2022, nó le linn 2022, beidh CTCC:

  • gearrtha den chéad uair ar an 1 Feabhra 2025
  • agus
  • iníoctha ar an 23 Bealtaine 2025, nó roimhe. 

Maidir le talamh a chomhlíon critéir an CTCC tar éis an 1 Eanáir 2022, beidh CTCC faoi dhliteanas ar an 1 Feabhra sa tríú bliain tar éis na bliana ar tháinig sé faoi scóip na cánach. Mar sin, beidh talamh a chomhlíon na critéir CTCC le linn 2022 faoi dhliteanas na cánach den chéad uair ar an 1 Feabhra 2025.

Má tá talamh agat atá san áireamh ar léarscáil athbhreithnithe bliantúil, seachas maoin chónaithe le gairdín nó clós níos lú ná 0.4047 heicteár (1 acra), ní mór duit clárú mar an duine dliteanach ar an tairseach CTCC trí:

Cuirtear láithreáin cláraithe leis an tairseach CTCC, a bhainistíonn gach gníomhaíocht a bhaineann leis an láithreán, amhail:

  • féachaint ar láithreáin
  • láithreáin a dhíol nó a aistriú
  • agus
  • tuairisceáin a thíolacadh.

Nuair a chláraítear é, tugann na Coimisinéirí Ioncaim Aitheantas Uathúil Láithreáin don láithreán ábhartha. Cuirfear Uimhir Aitheantais uathúil an Láithreáin in iúl don Duine Dliteanach (nó daoine).

Ar aghaidh: Cén chaoi le clárú le haghaidh CTCC