Conas a bhfuil feidhm ag an TTLC

Cén uair a thagann an chéad soláthar chun cinn?

Tá an Tobhach ar Tháirgí Lochtacha Coincréite (TTLC) inmhuirir ag an gcéad soláthar de tháirge coincréite laistigh de raon feidhme an tobhaigh, an 1 Meán Fómhair 2023 nó dá éis. 

Tagann an chéad soláthar de tháirge coincréite atá laistigh de raon feidhme an tobhaigh chun cinn ar an 1 Meán Fómhair 2023 nó dá éis, nuair:

  • a tharlaíonn soláthar inmhuirir an táirge coincréite sin
  • agus
  • nár tharla soláthar inmhuirir den táirge coincréite roimhe sin.

Tagann soláthar inmhuirir chun cinn nuair atá táirge coincréite laistigh de raon feidhme an tobhaigh agus:

  • díolann nó aistríonn duine é laistigh den Stát, agus an duine sin i mbun gnó sa Stát
  • díolann nó aistríonn duine é lasmuigh den Stát, agus an duine sin i mbun gnó sa Stát
  • tá sé sannta le húsáid i ngnó ag duine sa Stát
  • úsáideann duine é le haghaidh úsáide príobháidí nó gnó sa Stát.

Sampla 1

Déanann Cuideachta A coincréit réidh le doirt atá faoi dhliteanas an ráta laghdaithe Cánach Breisluacha (CBL) de 13.5%, laistigh den Stát.

Ar an 1 Meán Fómhair 2023, dhíol Cuideachta A 30 tonna dá dtáirge le Máire, ar conraitheoir tógála í atá ag feidhmiú laistigh den Stát. Tá táirge coincréite díolta ag Cuideachta A laistigh de scóip an tobhaigh agus gnó á dhéanamh sa Stát. Dá bhrí sin, is soláthar inmhuirir é an díolachán le Máire. Ós rud é gurb é seo an chéad soláthar inmhuirir den táirge sin, ní mór do Chuideachta A an tobhach a chur i bhfeidhm ar an díolachán.

Nuair a úsáideann Máire an coincréit réidh le doirt ina gnó, tagann an soláthar chun cinn. Mar sin féin, ós rud é nach é an chéad soláthar den táirge atá ann, ní thagann muirear ar an tobhach chun cinn ar an soláthar sin.

Sampla 2

Déanann Cuideachta B bloic choincréite, ar táirgí coincréite iad laistigh de raon feidhme an tobhaigh.

Ar an 1 Deireadh Fómhair 2023, díolann Cuideachta B 500 aonad le conraitheoir tógála atá lonnaithe sa Fhrainc. Tá táirgí coincréite díolta ag Cuideachta B laistigh de scóip an tobhaigh fad is atá gnó á dhéanamh sa Stát. Dá bhrí sin, is soláthar inmhuirir é an díolachán. Ós rud é gurb é seo an chéad soláthar den táirge sin ní mór do Chuideachta B an tobhach a chur i bhfeidhm ar an díolachán.

Sampla 3

Ceannaíonn Sam 300 bloc coincréite inmhuirir i dTuaisceart Éireann agus iompraíonn sé isteach sa Stát iad.

Ar an 1 Samhain 2023, úsáideann Sam na bloic choincréite chun síneadh a chur lena theach. Ós rud é gur bhain Sam úsáid as táirgí coincréite laistigh de raon feidhme an tobhaigh i gcáil phríobháideach laistigh den Stát, tá soláthar inmhuirir tagtha chun cinn. Is é an úsáid a bhaineann Sam as na bloic choincréite an chéad soláthar de na bloic laistigh den Stát agus tagann muirear ar an tobhach chun cinn. Ní mór do Sam:

• clárú le haghaidh TTLC sula n-úsáidtear an táirge

• tobhach 5% de luach margaidh oscailte an táirge a íoc ar dháta an chéad soláthair

  agus

• tuairisceán TTLC a thíolacadh.

Is é dáta an chéad soláthair sa chás seo an dáta a úsáideann Sam na bloic choincréite den chéad uair. Ní hé an dáta a thug Sam na bloic isteach sa Stát.

Ar aghaidh: TTLC a chur i bhfeidhm ar na chéad soláthairtí