Conas a bhfuil feidhm ag an TTLC

Léargas ginearálta

Tugadh an Tobhach ar Tháirgí Lochtacha Coincréite (TTLC) isteach san Acht Airgeadais 2022 a chuir Cuid 18E agus Sceideal 36 isteach san Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997.

Is tobhach é an TTLC a bhfuil feidhm aige maidir leis an gcéad soláthar táirgí coincréite áirithe, ar an 1 Meán Fómhair 2023 nó dá éis. Tá feidhm ag an TTLC ag ráta 5% Cuirtear an tobhach i bhfeidhm ar Luach Margaidh Oscailte an táirge coincréite ar dháta a gcéad soláthair.

Is é an duine, nó an gnó, a dhéanann an chéad soláthar de tháirgí coincréite laistigh de raon feidhme an tobhaigh an té atá inmhuirir don tobhach. Níl an tobhach inmhuirir má dhéantar an táirge coincréite a sholáthar don dara uair, nó aon uair ina dhiaidh sin.

Oibríonn an tobhach ar bhonn féinmheasúnaithe. Go ginearálta, ní mór do dhuine inmhuirir tuairisceáin a thíolacadh agus an tobhach a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim ar bhonn sé mhí (dhé-bhliantúil). Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Tréimhsí Cuntasaíochta.

Ba chóir duit clárú leis na Coimisinéirí Ioncaim don TTLC sula soláthraíonn tú táirge coincréite den chéad uair laistigh de scóip an tobhaigh. Ní mór duit tuairisceáin TTLC a thíolacadh do na Coimisinéirí Ioncaim agus aon suim dhlite a íoc.

Ar aghaidh: Táirgí coincréite laistigh de raon feidhme an TTLC