Liachleachtóirí atá ag feidhmiú i gcomhpháirtíocht

  1. Léargas ginearálta
  2. Cén chaoi le cáiliú don chóireáil chánach seo
  3. Cén chaoi le hiarratas a dhéanamh ar an gcóireáil chánach

Cén chaoi le hiarratas a dhéanamh ar an gcóireáil chánach

Chun leas a bhaint as an gcóireáil chánach seo, ní mór don Dochtúir Ginearálta (GP) agus don chomhpháirtíocht leighis roghnú comhpháirtíocht a dhéanamh chuig na Coimisinéirí Ioncaim. Ní mór an roghnú comhpháirtíocht a dhéanamh ar an Medical parnership-joint election form

Ní mór don chomhpháirtíocht leighis an roghnú comhpháirtíocht a thíolacadh trí M'Fhiosruithe i Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Ní mór roghnú ar leith a dhéanamh maidir le hioncam cuí gach dochtúra ghinearálta a gcaithfear leis mar ioncam na comhpháirtíochta leighis.

Féadfaidh roghnú comhpháirtíocht a bheith i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2024. Nuair a bheidh sé déanta, fanfaidh an roghnú comhpháirtíocht i bhfeidhm go dtí go gcuirfear a mhalairt in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim.