Liachleachtóirí atá ag feidhmiú i gcomhpháirtíocht

  1. Léargas ginearálta
  2. Cén chaoi le cáiliú don chóireáil chánach seo
  3. Cén chaoi le hiarratas a dhéanamh ar an gcóireáil chánach

Cén chaoi le cáiliú don chóireáil chánach seo

Féadfaidh Dochtúirí Ginearálta Aonair (GP) a fheidhmíonn i gcomhpháirtíocht le dochtúirí ginearálta aonair eile leas a bhaint as an gcóireáil chánach faoi Alt 1008A den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997. Ní cháilíonn eintitis chorparáideacha, nó fostaithe de chuid comhpháirtíochta leighis.

Ní mór don dochtúir ginearálta aonair a bheith:

  • soláthraí seirbhísí míochaine ábhartha
  • agus
  • seirbhísí míochaine ábhartha a sholáthar i gcomhthéacs comhpháirtíocht leighis le dochtúirí ginearálta aonair eile.

Chun leas a bhaint as an gcóireáil chánach seo, ní mór don dochtúir ginearálta agus don chomhpháirtíocht leighis roghnú comhpháirtíocht a dhéanamh do na Coimisinéirí Ioncaim.

Cé hé soláthraí seirbhísí míochaine ábhartha?

Is éard is soláthraí seirbhísí míochaine ábhartha ann ná dochtúir ginearálta a bhfuil conradh aige le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) chun seirbhísí míochaine ábhartha a sholáthar.

Cad is seirbhísí míochaine ábhartha ann?

Is éard is seirbhísí míochaine ábhartha ann ná seirbhísí míochaine áirithe a sholáthraíonn liachleachtóir do FSS.

Áirítear orthu sin scéim na Seirbhísí Míochaine Ginearálta (GMS) agus seirbhísí poiblí cúntacha eile. Chun liosta iomlán de na seirbhísí míochaine ábhartha a fháil, féach alt 1008A den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997 agus an Lámhleabhar Cánach agus Dleachta Part 04-01-15.

Cad is comhpháirtíocht leighis ann?

Is éard is comhpháirtíocht leighis ann ná comhpháirtíocht sna cásanna seo a leanas:

  • Is daoine aonair iad na comhpháirtithe go léir
  • Is liachleachtóirí iad na comhpháirtithe go léir
  • agus
  • Tá an chomhpháirtíocht á rialú ag comhaontú comhpháirtíochta bailí i scríbhinn.

Ar aghaidh: Cén chaoi le hiarratas a dhéanamh ar an gcóireáil chánach