Cáin Iarchoimeádta ar Sheirbhísí Gairmiúla (CISG)

Íocaíochtaí eisiata ón CISG

Tá díolúine ó CISG ag cineálacha áirithe íocaíochtaí agus táillí. Is iad sin:

  • íocaíochtaí le fostaithe a ngearrtar cáin orthu trí Íoc Mar A Thuillir (ÍMAT)
  • íocaíochtaí nuair a bhíonn feidhm ag an gCáin Cáin Chonarthaí Iomchuí (CCI)
  • íocaíochtaí idir daoine cuntasacha
  • íocaíochtaí le carthanais a bhfuil díolúine ó Cháin Ioncaim (CI) acu
  • íocaíochtaí a dhéanann brainse nó gníomhaire eachtrach de chuid duine cuntasaigh. Ní mór íocaíochtaí a dhéanamh thar lear as seirbhís thar lear a sholáthraíonn soláthraí seirbhíse le cónaitheacht thar lear
  • íocaíochtaí idirghrúpa, mar shampla íocaíochtaí idir fochuideachtaí de chuid na cuideachta céanna, nó ó mháthairchuideachta le fochuideachta.

I measc na seirbhísí a bhfuil díolúine acu go hiondúil ó CISG, tá:

  • seirbhísí múinteoireachta, oiliúna nó léachtóireachta
  • seirbhísí aistriúcháin
  • seirbhísí profléitheoireachta
  • seirbhísí luathscríbhneoireachta
  • scrúduithe béil, cluastuisceana nó scríofa a leagan amach agus a mheasúnú
  • seirbhísí glantacháin ar conradh
  • obair chothabhála agus deisiúcháin.

Cáin Bhreisluacha (CBL), Dleacht Stampála agus táillí eile

Nuair a ríomhann tú an méid CISG atá le hasbhaint agat, níor chóir duit aon CBL a áireamh a dhéanann do sholáthraí seirbhíse a ghearradh.

Féadfaidh do sholáthraí seirbhíse sonrasc a thabhairt duit do tháillí agus dleachtanna a íoctar le húdaráis áirithe. Ní asbhaintear CISG ó na híocaíochtaí seo. I measc na dtáillí a bhfuil eisiamh acu ó CISG, tá:

  • dleachtanna stampála
  • táillí chlárlann na talún
  • táillí gníomhais clárúcháin
  • táillí oifige cuideachta
  • táillí cúirte.

Ar aghaidh: CISG do dhaoine cuntasacha