Clár for-rochtana scoileanna

Tugann foirne de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim cuairt anois ar iar-bhunscoileanna chun teagmháil a dhéanamh le scoláirí na sraithe sinsearaí.

Mar chuid den chuairt tá seisiún eolais 20 nóiméad ar an méid seo a leanas:

  • bunchúrsa cánach
  • cén chaoi le do chéad phost a chlárú ar líne trí sheirbhísí moChúrsaí
  • tuiscint a fháil ar do dhuillín pá agus níos mó.

Spéis a chlárú i gclár for-rochtana scoileanna na gCoimisinéirí Ioncaim

Comhlánaigh an fhoirm fiosruithe ina hiomláine agus déanfaidh ionadaí for-rochtana teagmháil leat go luath.

Tabhair do d'aire nach ráthaíonn foirm fiosruithe cuairt ónár bhfoireann de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim. Deimhneoidh ár n-ionadaithe dáta agus am tríd an teagmháil dhíreach a chuirtear ar fáil ar an bhfoirm fiosruithe, ar an bhfón nó trí ríomhphost.

Céard iad na tionscnaimh oideachais chánach eile a chuireann na Coimisinéirí Ioncaim ar fáil?

Cuireann na Coimisinéirí Ioncaim acmhainní teagaisc saor in aisce ar fáil freisin atá ar fáil le híoslódáil agus le húsáid sa seomra ranga. Ina measc seo tá modúl idirbhliana 8 n-aonad Bunchúrsa Cánach agus póstaer gníomhaíochta in-íoslódáilte.