Ríomhnascadh i leith gníomhaire agus comhairleoir

Tá feidhmchlár ríomhnasctha gníomhaire agus comhairleoir nua á sheoladh ag na Coimisinéirí Ioncaim atá chun dul beo ag deireadh mhí an Mhárta 2025. Cuirfidh an feidhmchlár feabhas ar shlándáil dhigiteach trí chleachtóirí agus a gcliaint araon a chosaint ó ghoid aitheantais.

Nuair a dhéantar iarratas ríomhnasctha gníomhaire, bunaítear córas ceadaithe leictreonaigh do chustaiméirí na gCoimisinéirí Ioncaim atá:

  • cláraithe le haghaidh
  • agus
  • gníomhach ar chórais ar líne na gCoimisinéirí Ioncaim.

Seolfar Iarratas ar Nasc Gníomhaire chugat anois atá le ceadú nó le diúltú trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) nó moChúrsaí.

Tabhair do d’aire

Níl aon athrú ar an bpróiseas nasctha gníomhaire do chustaiméirí na gCoimisinéirí Ioncaim nach bhfuil cláraithe le haghaidh córais ar líne na gCoimisinéirí Ioncaim, nó nach bhfuil gníomhach orthu.

Nuair a thíolacann gníomhaire Iarratas ar Nasc Gníomhaire, cuirfear in iúl duit trí ríomhphost go bhfuil comhfhreagras na gCoimisinéirí Ioncaim faighte agat. Ní mór duit logáil isteach ar ROS nó moChúrsaí chun an tIarratas ar Nasc Ghníomhaire a cheadú nó a dhiúltú.

Ag glacadh le hiarratas trí moChúrsaí

Féadtar glacadh leis an iarratas thíolaic gníomhaire trí moChúrsaí trí na céimeanna seo a leanas a chomhlánú:

  1. Sínigh isteach ar moChúrsaí.
  2. Roghnaigh 'M'Fhiosruithe' sa chúinne ar thaobh na láimhe deise ar bharr an scáileáin.
  3. In M'Fhiosruithe, roghnaigh M’Fhiosrú a thionscaíonn na Coimisinéirí Ioncaim dar teideal "Nasc Gníomhaire-Cliant".
  4. Treorófar chuig leathanach sonraí an Iarratais ar Nasc Gníomhaire thú áit a fhéadtar athbhreithniú a dhéanamh ar fhaisnéis an naisc.
  5. Is féidir leat a roghnú ansin an tIarratas ar Nasc a cheadú nó a dhiúltú.

Ag glacadh le hiarratas trí ROS

Féadtar glacadh leis an iarratas chun nasc a dhéanamh le gníomhaire a úsáideann Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) trí na céimeanna seo a leanas a chomhlánú:

  1. logáil isteach ar ROS.
  2. Roghnaigh an cluaisín 'Taifead na gCoimisinéirí Ioncaim' ar bharr an scáileáin.
  3. I do Bhosca Isteach ROS, roghnaigh an doiciméad de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim "Nasc Gníomhaire a Cheadú".
  4. Treorófar chuig leathanach sonraí an Iarratais ar Nasc Gníomhaire thú áit a fhéadtar athbhreithniú a dhéanamh ar fhaisnéis an naisc.
  5. Is féidir leat a roghnú ansin an tIarratas ar Nasc a cheadú nó a dhiúltú.

Pasfhocail dearmadta

Má tá dearmad déanta agat ar do phasfhocal, roghnaigh: