Íocaíocht chomhréireach CCF ar fheithiclí léasaithe
Iarratas custaiméara
Úsáid moChúrsaí nó Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) chun iarratas a dhéanamh ar an scéim íocaíochta comhréirí. Féadtar teacht air seo faoin gcluaisín Seirbhísí Feithicle ach cliceáil ar: CCF i leith Feithicil Léasaithe san AE – Léasaí.
Féadtar iarratas a dhéanamh mar dhuine aonair nó mar ghnó nuair a bheidh tú bunaithe sa Stát.
Agus tú á chomhlánú, déan athbhreithniú cúramach ar gach cuid den iarratas mar gheall go seiceálfar é seo le taifead na cuideachta léasaithe. Go háirithe beidh ort a dhearbhú go bhfuil na nithe seo a leanas taifeadta go cruinn agat:
- uimhir Cánach Breisluacha (CBL) na cuideachta léasaithe
- agus
- Uimhir Aitheantais na Feithicle (UAF). Is teaglaim 17 gcarachtar de dhigití agus ceannlitreacha uathúla don fheithicil seo í an uimhir seo. Níl na litreacha I, O ná Q ina gcarachtair bhailí.
Ní gá duit cóip den léas a thíolacadh ach ba chóir duit é a choinneáil chun críocha fíorúcháin.
Ar aghaidh: Dearbhú agus clárú