Íocaíocht chomhréireach CCF ar fheithiclí léasaithe
An fheithicil a choinneáil
I gcás feithicil:
- a scoirtear an comhaontú léasa ina leith go luath agus a choinnítear sa Stát
- nó
- a fhanann sa Stát go buan tar éis dháta an léasa
tá iarmhéid na Cánach Cláraithe Feithicle móide ús dlite ag tráth an imeachta.
- Sampla
Scor luath ón scéim agus an fheithicil ag fanacht sa Stát
CCF Uasta = €10,000 |
Cáin Cláraithe Feithiclí (CCF) dlite de ghnáth. |
Suim CCF íoctha go dtí seo = €2,100.
Iarmhéid CCF dlite = €7,900
|
Léas 12 mhí ó 14 Meán Fómhair 2019 go dtí 13 Lúnasa 2020 atá sa sampla seo. Is é €2,100 an tsuim CCF a íocadh go dtí seo ar an gcarr (€10,000 * 21% [an ráta infheidhmithe 12 mhí]).
Déanfar an léas a scor ar an 13 Márta 2020 = 182 lá (14 Meán Fómhair 2019 go dtí an 13 Márta agus an dá dháta sin san áireamh).
|
€7,900 * 0.0274% * 182 lá= €393 |
Gearrtar ráta úis laethúil ar an tsuim bhreise ba chóir a bheith íoctha nuair a cláraíodh an carr den chéad uair. Gearrtar an t-ús dlite ar an iarmhéid CCF a d’íocfaí nuair a cláraíodh an carr den chéad uair. 182 lá atá ann sa chás seo. |
Suim iomlán iníoctha = €8,293 |
Is é seo an tsuim iomlán CCF agus an úis iníoctha nuair a scoirtear scéim íocaíochta comhréirí go luath. |
Féadtar iarratas a dhéanamh feithicil a choimeád trí ghlaoch ar na huimhreacha seo a leanas:
- 01 8589150
- 01 8589151
- nó
- 01 8589186.
Ar aghaidh: Nós imeachta um easpórtáil