Scéim Cúitimh CBL do charthanais

Éileamh á dhéanamh

Cén chaoi a dtíolacann carthanas éileamh le haghaidh cúiteamh CBL?

Ní mór do charthanais ar mian leo éileamh a thíolacadh cloí leis na coinníollacha cáilitheachta. Ina theannta, ní mór do charthanais a bheith airdeallach faoi na doiciméid a d’fhéadfaí a iarraidh le tacú lena n-éileamh.

Is gá duit d’éileamh a thíolacadh tríd an gcóras ríomhAisíocaíochtaí ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Féadann gníomhairí nasctha éileamh a dhéanamh thar ceann carthanas. Mura bhfuil gníomhaire nasctha leis an gcustaiméir roimhe seo, féadfaidh siad nasc a dhéanamh le ceannteideal cánach reatha faoin gcárta seirbhísí gníomhaire ar ROS.

Treoir ar an gcaoi le héileamh a dhéanamh ar ROS

  1. Logáil isteach ar ROS.
  2. Ar an gcluaisín Mo Sheirbhísí Féin, téigh síos chuig bun an leathanaigh.
  3. Faoi Seirbhísí Eile, roghnaigh Éilimh ríomhAisíocaíochtaí.
  4. Roghnaigh Déan Éileamh – CBL – Cáin Bhreisluacha.
  5. Roghnaigh Cúiteamh CBL do Charthanais.

Teastóidh an fhaisnéis seo a leanas chun éileamh a thíolacadh:

  • Uimhir Cláraithe Cánach
  • Uimhir Cláraithe Carthanais (arna eisiúint ag an Údarás Rialála Carthanas)
  • Sonraí bainc
  • Ioncam iomlán
  • Ioncam cáilitheach
  • Cáin cháilitheach
  • agus
  • Suim an éilimh.

Féadtar tuilleadh treoracha ar an éileamh a thíolacadh a fháil ar Éileamh a thíolacadh le haghaidh na Scéime Cúitimh CBL do Charthanais.

Rialacha maidir le héilimh a thíolacadh

Ba chóir duit éilimh a thíolacadh go bhliaintúil agus go díreach le haghaidh aon bhliain féilire amháin. Ní mór gurb é seo an bhliain roimh bhliain an éilimh.

Féadfaidh tú d’éileamh a thíolacadh idir 1 Eanáir agus 30 Meitheamh sa bhliain tar éis na bliana lena mbaineann an t-éileamh. Ní fhéadtar d’éileamh a leasú ach amháin suas go dtí an 30 Meitheamh sa bhliain a thíolactar an t-éileamh. Is é €1,000,000 an suim uasta agus is é €500 suim íosta an éilimh a fhéadtar a thíolacadh.

Féadfaidh sé go ndiúltóidh na Coimisinéirí Ioncaim éileamh agus, má dhéantar é sin, cuirfidh muid na cúiseanna leis seo in iúl duit.

Féadfaidh muid aon athrú riachtanach a dhéanamh ar an éileamh, lena n-áirítear athruithe i leith shuim na cánach incháilithe atá á héileamh. Cuirfidh muid ar an eolas thú maidir le haon athrú a dhéanann muid.

Ní mór do charthanais dearbhú agus deimhniú a thabhairt go bhfuil an fhaisnéis uile a chuireann siad ar fáil chun críocha an éilimh seo i gceart. Ní mór gur chomhlíon siad leis na riachtanais a bhaineann leis an méid seo:

  • An tAcht Comhdhlúite CBL, 2010
  • An tAcht Comhdhlúite Cánacha, 1997
  • agus
  • An tAcht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa.

Folaíonn sé seo aon reachtaíocht thánaisteach a rinneadh faoi na hAchtanna seo.

Mura dtagann rogha aníos in ROS chun gur féidir le do charthanas éileamh a dhéanamh ar ROS, déan teagmháil le Aonad na nDíolúintí Carthanas agus Spóirt.