Scéim Cúitimh CBL do charthanais

Treoir ar an gcaoi le héileamh a dhéanamh in ROS

Féadtar éileamh a dhéanamh ar an Scéim Cúitimh Cánach Breisluacha (CBL) ach na céimeanna atá leagtha amach thíos a leanúint.

  1. Logáil isteach ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).
  2. Ar an gcluaisín ‘Mo Sheirbhísí Féin’, téigh síos chuig bun an leathanaigh.
  3. Faoi ‘Seirbhísí Eile’, roghnaigh ‘Éilimh ríomhAisíocaíochtaí’.
  4. Ansin, roghnaigh ‘Déan Éileamh – CBL – Cáin Bhreisluacha’ agus cliceáil ar 'Lean ar aghaidh’.
  5. Roghnaigh Cúiteamh CBL do Charthanais agus ansin cliceáil ar 'Lean ar aghaidh’
  6. Féach ar na riachtanais in 'Léargas ginearálta' agus cliceáil ar 'Lean ar aghaidh'.
  7. Roghnaigh ‘Sonraí an éilimh’, comhlánaigh gach réimse agus ansin cliceáil ar 'Lean ar aghaidh’.
  8. Ceangail aon doiciméad tacaíochta iarrtha leis agus cliceáil ar 'Lean ar aghaidh'.
  9. In 'Sonraí bainc', cuir isteach do chuid sonraí agus ansin cliceáil ar 'Lean ar aghaidh'.
  10. Sa scáileán 'Achoimre', déan athbhreithniú ar do chuid sonraí, cuir tic leis an dearbhú agus ansin cliceáil ar 'Tíolaic'.
  11. Cuir isteach do phasfhocal agus cliceáil ‘Sínigh agus Tíolaic‘. 

Mura dtagann rogha aníos in ROS chun gur féidir le do charthanas éileamh a thíolacadh déan teagmháil le Aonad na nDíolúintí Carthanas agus Spóirt.