Scéim Cúitimh CBL do charthanais

An méid a theastaíonn chun suim an éilimh a ríomh

Tagraítear do shuim an éilimh mar cháin incháinithe, agus is é sin an tsuim a fhéadann carthanas a éileamh. Ríomhtar é de réir ioncam iomlán, ioncam cáilitheach, caiteachas cáilitheach agus cáin cháilitheach.

Ioncam agus caiteachas

I gcomhthéacs na Scéime Cúitimh CBL do Charthanais:

  • Is éard is brí le hioncam a fhaightear ná airgead iarbhír a fhaightear sa bhliain féilire lena mbaineann an t-éileamh.
  • Is éard is brí le caiteachas a íocadh ná airgead iarbhír a íoctar sa bhliain féilire lena mbaineann an t-éileamh.

Oibríonn an scéim ar bhonn airgid.

Ar aghaidh: Céard is ioncam iomlán agus ioncam cáilitheach ann?