Cáin Charbóin ar Ghás Nádúrtha (CCGN)

Achomhairc

Féadtar achomharc a dhéanamh i gcoinne fhormhór chinntí na gCoimisinéirí Ioncaim ar an gCáin Charbóin ar Ghás Nádúrtha (CCGN) a mbíonn tionchar acu ort agus nach n-aontaíonn tú leo. De ghnáth, féadtar achomharc a dhéanamh go díreach leis an gCoimisiún um Achomhairc Chánach. Tá an Coimisiún um Achomhairc Chánach freagrach as diospóidí a réiteach idir na Coimisinéirí Ioncaim agus cáiníocóirí. Tá sé go hiomlán neamhspleách ar na Coimisinéirí Ioncaim.

Seo a leanas roinnt samplaí den mhéid is féidir achomharc a dhéanamh ina leith chuig an Coimisiún um Achomhairc Chánach:

  • an méid CCGN a íocadh
  • fógra um measúnú chun méid CCGN a íoc
  • aisíocaíocht CCGN
  • agus
  • diúltú éilimh ar aisíocaíocht CCGN.

Ní mór achomharc a dhéanamh chuig an Coimisiún um Achomhairc Chánach laistigh de 30 lá ó dháta an fhógra faoin gcinneadh nach n-aontaíonn tú leis. Sula ndéanann tú achomharc chuig an Coimisiún um Achomhairc Chánach, ní mór duit an tuairisceán CCGN cuí a thíolacadh agus an dliteanas atá faoi dhíospóid a íoc.

Chun achomharc a dhéanamh, ní mór duit foirm chomhlánaithe um Fhógra Achomhairc a thíolacadh don Choimisiún um Achomhairc Chánach. Tá sonraí maidir le conas achomharc a thíolacadh leagtha amach ar shuíomh idirlín an Choimisiúin um Achomhairc Chánach.