Cáin Charbóin ar Ghás Nádúrtha (CCGN)

Clárúchán agus taifid

Ní mór do sholáthraithe dliteanacha gáis nádúrtha clárú leis na Coimisinéirí Ioncaim tríd an bhFoirm Cánach Carbóin ar Ghás Nádúrtha (CCGN) Reg  a chomhlánú. Ní mór do sholáthraithe gáis nádúrtha clárú sula dtosaíonn siad ag déanamh soláthairtí gáis nádúrtha. Féadann soláthraithe an fhoirm chlárúcháin seo a sheoladh chuig na Coimisinéirí Ioncaim trí M’Fhiosruithe atá ar fáil in moChúrsaí. Féadtar an fhoirm seo a sheoladh chomh maith chuig Rannóg na gCorparáidí Móra.

Ní mór do sholáthraí nach bhfuil bunaithe sa Stát duine inniúil a cheapadh sa Stát atá faoi dhliteanas cuntas a thabhairt i leith an CCGN agus é a íoc. Ní mór don duine inniúil clárú le haghaidh na cánach tríd an Fhoirm CCGN Reg a chomhlánú agus sonraí an tsoláthraí nach soláthraí Stáit iad a chur san áireamh.

Féadann soláthraithe díchlárú ach M’Fhiosruithe a úsáid, nó trí Rannóg na gCorparáidí Móra a chur ar an eolas i scríbhinn.

Ní mór do sholáthraithe gáis nádúrtha na cuntais agus na taifid ábhartha don cháin a choinneáil ar feadh tréimhse sé bliana.

Ar aghaidh: Tuairisceáin agus íocaíochtaí