Cáin Charbóin ar Ghás Nádúrtha (CCGN)

Ráta cánach

Leasaíodh an reachtaíocht maidir le ráta CCGN san Acht Airgeadais, 2020. Ón 1 Bealtaine 2021 cuirtear an ráta CCGN in iúl i reachtaíocht mar Luach Calrach Comhlán (LCC). Ón dáta sin, ní gá a thuilleadh comhshó ón ráta Glanluach Calrach (GLC) go ráta Luach Calrach Comhlán (LCC) do thuairisceáin CCGN chuig na Coimisinéirí Ioncaim.

  • Ón 1 Bealtaine 2024 ar aghaidh, tá ráta €10.13 in aghaidh an MWh ag LCC i bhfeidhm. Tá an méadú seo bunaithe ar an méid a ghearrtar in aghaidh an tonna de dhé-ocsaíd charbóin (CO2) a astaítear ag méadú ó €48.50 go €56.00.
  • Roimhe seo, ón 1 Bealtaine 2023 go dtí an 30 Aibreán 2024, bhíodh ráta €8.77 ag LCC (€9.73 ag GLC) in aghaidh na huaire meigeavata i bhfeidhm. Tá an ráta seo bunaithe ar mhuirear carbóin €48.50 an tonna CO2 a astaítear nuair a dhóitear an gás nádúrtha.

Tugtar achoimre sa tábla thíos ar na rátaí CCGN reatha agus na rátaí a bhí ann roimhe seo. Áirítear sa tábla chomh maith fachtóirí tiontaithe a úsáidtear le tiontú ó GLC go dtí LCC.

Rátaí reatha agus roimhe seo maidir le Cáin Charbóin ar Ghás Nádúrtha
Ráta éifeachtach ó Fachtóir Tiontaithe Ráta LCC go GCL Soláthar arna Thomhas ag CCGN in aghaidh an MWh 
01/05/2023 go dtí an 30/04/2024   0.9017 LCC €8.77
GLC  €9.73
01 Bealtaine 2024  0.9017 LCC €10.13
GLC  €11.23
Ríomh ráta reatha CCGN (Luach Calrach Comhlán an Uair Meigeavata)

55,738(a) * 0.003246 (b) * €0.056 (c) = €10.13

a

Fachtóir astaithe gáis nádúrtha i gcileagraim CO2 an teirigiúl

b

Líon na dteirigiúl an uair meigeavata

c

Muirear Carbóin de 5.60 cent an cileagram CO2 astaithe

Tiontú ó ráta LCC go dtí an ráta GLC

€10.13 (d) / 0.9017 (e) = €11.23

d

ráta i luach calrach comhlán

e

Fachtóir Tiontaithe

Ar aghaidh: Gás nádúrtha a sholáthraítear le húsáid mar bhreosla i mótarfheithicil