Ceadúnas Geallghlacadóra

An chéad iarratas ar cheadúnas geallghlacadóra

Is gá duit do Dheimhniú (Deimhnithe) um Oiriúnacht Phearsanta a thíolacadh don Oifig Náisiúnta Ceadúnais Máil le d’Fhoirm Iarratais.

Ní mór an t-iarratas a bheith sínithe ag na daoine seo:

  • ag an gceadúnaí, más trádálaí aonair atá ann
  • ag duine de na comhpháirtithe, más comhpháirtíocht atá ann
  • ag rúnaí na cuideachta nó ag stiúrthóir de chuid na cuideachta, i gcás cuideachta chorpraithe.

Nuair atá d’iarratas próiseáilte ag na Coimisinéirí Ioncaim, eiseoidh na Coimisinéirí Ioncaim Fógra um Iarratas Chéad Uaire chugat. Iarrtar ort san fhógra seo d’iarratas a chomhlánú agus do cheadúnas a íoc.

Tá sé riachtanach imréiteach cánach a bheith ag gach ceadúnaí. I gcás iarratas cuideachta, teastóidh imréiteach cánach a bheith ag an gcuideachta agus ag gach duine de na hoifigigh chuí ainmnithe ar an iarratas.  

Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim seiceáil uathoibríoch ar do stádas imréitigh cánach roimh do cheadúnas a eisiúint.

Ar aghaidh: An chéad iarratas ar oifig geallghlacadóra a chlárú