Ceadúnas Geallghlacadóra

Léargas ginearálta

Tabhair do d'aire

Forálann an tAcht um Rialáil Cearrbhachais 2024 do bhunú Údarás Rialála Cearrbhachais na hÉireann (GRAI). Nuair a bheidh sé bunaithe go hiomlán, beidh an GRAI mar an t-aon chomhlacht freagrach as cearrbhachas a rialáil agus a cheadúnú in Éirinn. Idir an dá linn, leanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim de cheadúnais a eisiúint faoin Acht um Gheall-Chur 1931 agus faoin Acht um Chearrbhachas agus Crannchuir 1956.

Laghdaigh an tAcht um Rialáil Cearrbhachais téarma an cheadúnais do gheallghlacadóirí agus d'idirghabhálaithe ó dhá bhliain go bliain amháin. Ba cheart fiosruithe maidir le ról an Rialálaí, nó an creat ceadúnaithe nua, a sheoladh chuig GRAI@justice.ie. Ba chóir fiosruithe faoi cheadúnais reatha a chur ar aghaidh chuig Oifig Náisiúnta na gCeadúnas Máil.

Is éard is geallghlacadóir ann ná duine, i gcúrsa gnó, a ghlacann le geallta, a shocraíonn corrlach agus gheallann geallta buachana a íoc. Ní mór Ceadúnas Geallghlacadóra a bheith ag gach geallghlacadóir.

Riachtanais bhreise:

  • Ar-Chúrsa: Má reáchtáiltear do ghnó ar chúrsa, teastóidh cead ó Rásaíocht Capall na hÉireann chomh maith le do Cheadúnas Geallghlacadóra ó na Coimisinéirí Ioncaim.
  • As-Cúrsa: Más ó oifig(í) geallghlacadóra a reáchtáiltear do ghnó, ní mór duit gach oifig a chlárú le Clár na gCoimisinéirí Ioncaim um Oifigí Gealltóireachta. Tá tú faoi dhliteanas le haghaidh na Dleachta Gealltóireachta chomh maith.

Is tréimhse sheasta dhá bhliain í an tréimhse cheadúnúcháin. Is ón 1 Nollaig 2023 go dtí an 30 Samhain 2025 atá an tréimhse reatha. 

Rachaidh do chuid clárúchán áitribh (Deimhniú um Chlárú Áitribh) in éag ar an dáta céanna le do Cheadúnas Geallghlacadóra. 

Rachaidh na ceadúnais in éag ag deireadh na tréimhse ceadúnúcháin, is cuma an dáta eisiúna. 

An costas atá ar Cheadúnas Geallghlacadóra ná €500.

An costas atá ar gach Deimhniú um Chlárú Áitribh ná €760.

Féadtar íocaíocht a dhéanamh in aon tráth amháin, nó in dhá thráthchuid chomhionanna. Tá an chéad íocaíocht dlite ag an tráth a eisítear an ceadúnas. Beidh an dara ceann dlite ar an 1 Nollaig nó roimhe leathshlí tríd an tréimhse sheasta cheadúnúcháin.

Seolfaidh an Oifig Náisiúnta Ceadúnais Máil fógra chugat sula n-éiríonn an dara híocaíocht de bheith dlite.

Ar aghaidh: An chéad iarratas ar cheadúnas geallghlacadóra