DAC4/Tuairisciú de Réir Tíre (DrT)

Léargas ginearálta

Céard is Tuairisciú de Réir Tíre (DrT) ann?

Tá Tuairisciú DrT mar chuid de Ghníomh 13 de Phlean Gníomhaíochta ECFE/G20 um Chreimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis (BEPS). Tá sé ina chuid de Phacáiste Choimisiún an AE in aghaidh Seachaint Cánach freisin.

Is minic a thugtar DAC ar Treoir ón gComhairle 2011/16/AE. Forálann an DAC do mhalartú faisnéise cáiníocóirí idir chórais riartha cánach na mBallstát AE. Le Treoir (AE) 2016/881 ón gComhairle (DAC4), leasaíodh DAC chun moltaí BEPS ECFE a thrasuí maidir le Tuairisciú DrT i reachtaíocht an AE.

Baineann Tuairisciú DrT le grúpaí fiontar ilnáisiúnta (Grúpaí MNE) le hioncam bliantúil comhdhlúite grúpa de €750 milliún nó níos mó sa bhliain fhioscach roimhe sin.

Tugann Tuairisciú DrT léargas domhanda do chórais riartha cánach ar oibríochtaí Ghrúpaí MNE. Féadfaidh údaráis chánach an fhaisnéis seo a úsáid chun:

  • measúnaithe riosca praghsála aistrithe ardleibhéil a dhéanamh
  • rioscaí eile a bhaineann le BEPS a mheas
  • agus
  • anailís eacnamaíoch agus staitistiúil.

Reachtaíocht na hÉireann agus treoir i leith Tuairisciú DrT

Tá an reachtaíocht a chuireann Tuairisciú DrT i bhfeidhm in Éirinn le fáil sna réimsí seo a leanas:

Chun mioneolais a fháil ar oibleagáidí Tuairiscithe DAC4/DrT, féach Treoirleabhar Cánach agus Dleachta Páirt 38-03-21.

Ar aghaidh: Tuairisc de Réir Tíre (DrT) a thíolacadh in Éirinn