DAC4/Tuairisciú de Réir Tíre (DrT)

Cén uair agus cén chaoi a ndéantar an fhaisnéis a mhalartú

Malartaíonn na Coimisinéirí Ioncaim Tuairiscí de réir Tíre (DrT) le húdaráis inniúla na ndlínsí ábhartha ar bhonn ráithiúil. Foráiltear leis sin, bunaithe ar fhaisnéis a sholáthraítear sa Tuairisc, gurb iad seo a leanas comheintiteas amháin nó níos mó de chuid Ghrúpa MNE:

  • cónaitheach chun críocha cánach
  • faoi réir cánach maidir leis an ngnó a dhéantar trí bhuanfhoras.

Tabhair do d’aire

Sainmhínítear comheintitis in Aguisín III Alt 1(5) de Threoir (AE) 2016/881 ón gComhairle.

Ní mór comhaontú údaráis inniúil cáilitheach a bheith i bhfeidhm faoin dáta dlite chun Tuairisc DrT a thíolacadh. I bhformhór na gcásanna, shínigh dlínsí Comhaontú na nÚdarás Inniúil Iltaobhach (MCAA) chun Tuairiscí DrT a mhalartú.

Is féidir leat féachaint ar liosta na ndlínsí a chláraigh leis an MCAA.