Iniúchtaí comhpháirteacha

Cad a tharlaíonn ag deireadh an iniúchta?

Nuair a chríochnaíonn na Coimisinéirí Ioncaim agus oifigeach ainmnithe iniúchadh comhpháirteach, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim agus an t-oifigeach ainmnithe iarracht torthaí an iniúchta a chomhaontú. Áireofar leis seo seasamh cánach an cháiníocóir Éireannach.

Ag deireadh an iniúchta chomhpháirtigh, ullmhóidh na Coimisinéirí Ioncaim agus an t-oifigeach ainmnithe tuarascáil deiridh ina leagfar amach torthaí an iniúchta. Áireofar sa tuarascáil seo na saincheisteanna ar a n-aontaíonn oifigeach na gCoimisinéirí Ioncaim agus an t-oifigeach ainmnithe. Tabharfar cóip den tuarascáil don té a bhí faoi iniúchadh laistigh de 60 lá ó a bheith eisithe.

Cinnfidh na Coimisinéirí Ioncaim cén gníomh ba chóir a dhéanamh ag deireadh an iniúchta. Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim na saincheisteanna a comhaontaíodh leis an mBallstát eile den Aontas Eorpach (AE) a mheas.

Is féidir leis an té a bhí faoi iniúchadh ag deireadh an phróisis:

  • gearán a dhéanamh
  • athbhreithniú a iarraidh
  • achomharc a dhéanamh ar mheasúnú a rinne, nó a leasaigh, oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim.