Iniúchtaí comhpháirteacha
Cearta cháiníocóirí na hÉireann
I gcás iniúchadh comhpháirteach, bíonn cearta agus oibleagáidí cáiníocóirí na hÉireann mar an gcéanna le nuair a dhéanann oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim féin idirghabhálacha comhlíontachta.
Ní féidir le cáiníocóir iniúchadh comhpháirteach a dhiúltú. É sin ráite, nuair a bheidh an t-iniúchadh curtha i gcrích ag na riaracháin chánach, féadfaidh an cáiníocóir:
- gearán a dhéanamh
- athbhreithniú a iarraidh
- nó
- achomharc a dhéanamh ar mheasúnú a rinne, nó a leasaigh, oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim.
Ní gá don duine atá faoi iniúchadh an méid seo a leanas a nochtadh:
- ábhair a chumhdaítear le pribhléid dhlíthiúil
- cúrsaí leighis de chineál rúnda
- nó
- comhairle ghairmiúil a thugtar do chliant.
Níl ach eisceacht amháin ann leis an srian bainteach le comhairle ghairmiúil. Tagann an eisceacht seo chun cinn nuair a bhaineann an chomhairle a thugtar le calaois, mímhacántacht, nó nuair is de chineál coiriúil í.
Mura gcloíonn an cáiníocóir le fiosruithe an oifigeach ainmnithe le linn an iniúchta chomhpháirtigh, gearrfar pionós €4,000 ar orthu.
Ní féidir le hoifigeach ainmnithe dul isteach in áitreabh cónaithe gan toiliú an úinéara. Féadfaidh an t-oifigeach ainmnithe dul isteach, áfach, má tá barántas cuardaigh ag na Coimisinéirí Ioncaim a thagraíonn go sonrach don oifigeach ainmnithe.
Ní féidir le hoifigeach ainmnithe faisnéis cáiníocóirí a nochtadh ach amháin sna cúinsí sonracha atá leagtha amach in Alt 891L(23)(B) den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997.
Ar aghaidh: Cad a tharlaíonn ag deireadh an iniúchta?