Iniúchtaí comhpháirteacha

Léargas ginearálta

Féadfaidh riaracháin chánach i mBallstáit an Aontais Eorpaigh (AE) iarraidh ar na Coimisinéirí Ioncaim iniúchadh comhpháirteach a dhéanamh ar cháiníocóir nó eintiteas cánach atá cónaitheach in Éirinn.

Tosaíonn an chéad tréimhse ar féidir iniúchadh comhpháirteach a iarraidh ina leith ar an 1 Eanáir 2024, nó dá éis. Is minic a thugtar DAC ar Threoir 2011/16/AE ón gComhairle. Forálann an DAC do mhalartú faisnéise cáiníocóirí idir chórais riartha cánach na mBallstát AE. Leasaíodh DAC faoi 2021/514 (DAC7) a sholáthraíonn bunús dlí d'iniúchtaí comhpháirteacha.

Rinneadh Airteagal 12a de DAC7 a aistriú isteach i ndlí na hÉireann leis an Acht Airgeadais (Uimh.2), 2023 agus tugadh isteach Alt 891L san Acht Comhdhlúite Cánacha (ACC), 1997.

Ar aghaidh: Cé atá in ann iarratas ar iniúchadh comhpháirteach a iarraidh?