Riachtanais Tuairiscithe Feabhsaithe (ERR)

Léargas ginearálta

Thug an tAcht Airgeadais 2022 Alt 897C isteach a iarrann ar fhostóirí sonraí i leith costais agus sochair áirithe a dhéantar le fostaithe agus stiúrthóirí a thuairisciú. Cuireadh tús le sonraí na gcostas nó na sochar seo a thuairisciú ar an 1 Eanáir 2024.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar na costais nó na sochair seo, féach 'Faisnéis is gá a thuairisciú'. Ní mór duit sonraí na gcostas nó na sochar seo a thíolacadh ag baint úsáid as Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Ní mór duit an tíolacadh seo a dhéanamh ar nó roimh an dáta íocaíochta, leis an bhfostaí.

Físeán faisnéise ar Riachtanais Tuairiscithe Feabhsaithe

Ar aghaidh: Fáisnéis is gá a thuairisciú