Riachtanais Tuairiscithe Feabhsaithe (ERR)

  1. Léargas ginearálta
  2. Fáisnéis is gá a thuairisciú
  3. Sonraí íocaíochta a thíolacadh do na Coimisinéirí Ioncaim
  4. Cén fáth a bhfuil an t-eolas seo ag teastáil?

Sonraí íocaíochta a thíolacadh do na Coimisinéirí Ioncaim

Cuireann Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) bealach ar fáil chun sonraí Riachtanais Tuairiscithe Feabhsaithe (ERR) a thíolacadh de láimh. Tá an áis seo cosúil leis an gceann a úsáidtear le haghaidh tuairisciú párolla.

Tá teagmháil leanúnach déanta le geallsealbhóirí maidir le cur i bhfeidhm na gceanglas seo, a leanfaidh ar aghaidh i rith na bliana.

Cén chaoi le sonraí íocaíochta a thíolacadh trí ROS

Féadtar sonraí íocaíochta a thíolacadh trí ROS. Le haghaidh tuilleadh treorach ar an gcaoi le sonraí íocaíochta a thíolacadh trí ROS, féach na físeáin agus an taispeántas sleamhnán thíos.

Costais nó sochair a thíolacadh le huaslódáil comhaid agus an próiseas maidir le Fógra Tuairiscithe Fostóra (FTF)

Costais nó sochair a thíolacadh trí fhoirm ar líne

Tíolacthaí a dhéanamh agus FTF a iarraidh

ERR (Ceadanna ROS)

Comhaid CSV a thiontú go formáid JSON

Féadtar tuilleadh treorach agus comhaid shamplacha maidir le comhaid CSV a athrú go formáid JSON a íoslódáil ag ERR file upload - csv conversion. Féadtar samplaí d'uaslódálacha comhaid ERR i bhformáid JSON agus XML a íoslódáil freisin ag ERR screen upload examples.

Tíolacadh Riachtanais Tuairiscithe Feabhsaithe

Tá an rogha agat:

Soláthraithe bogearraí tríú páirtí

Ó thús 2023, tá na Coimisinéirí Ioncaim i dteagmháil le forbróirí bogearraí tríú páirtí. Leanfaidh an teagmháil seo ar aghaidh le linn 2024.

Tá áis ar fáil chun go mbeidh soláthraithe bogearraí in ann comhtháthuithe a thástáil le córais na gCoimisinéirí Ioncaim. Ba chóir d'fhostóirí a chinntiú go bhfuil a soláthraí bogearraí ar an eolas faoin riachtanas tuairiscithe seo agus dul i dteagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim chun é a chur i bhfeidhm.

Chun tuilleadh eolais theicniúil a fháil maidir le comhtháthú seirbhíse ERR le córais na gCoimisinéirí Ioncaim, féach GitHub na gCoimisinéirí Ioncaim.

Ar aghaidh: Cén fáth a bhfuil an t-eolas seo ag teastáil?