Faoisimh Cánach Gnóthachan Caipitiúil (CGC)

Diúscairt gnó nó feirme (Faoiseamh Scoir)

Tabhair do d’aire

Cé go dtugtar Faoiseamh Scoir air seo, ní gá duit dul ar scor ón ngnó nó ón bhfeirmeoireacht.

Má tá tú 55 bliain d’aois nó níos sine, féadfaidh sé go bhfuil tú in ann éileamh a dhéanamh ar Fhaoiseamh Scoir. Is faoiseamh ar Cháin Gnóthachan Caipitiúil (CGC) atá anseo nuair atá aon chuid do do ghnó nó sócmhainní feirmeoireachta á ndiúscairt agat.

Má tá tú níos óige ná 55 bliain d’aois, féadtar cáiliú don fhaoiseamh seo má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

  • Ní féidir leat leanúint ar aghaidh ag reáchtáil do fheirme nó do ghnó mar gheall ar dhrochshláinte (teastóidh fianaise leighis ar an tinneas a chur ar fáil).
  • Sroicheann tú 55 bliain d’aois taobh istigh de 12 mhí ón diúscairt.
  • Ag tráth na diúscartha, comhlíontar gach coinníoll le haghaidh faoisimh, seachas an riachtanas aoise.

Féadtar faoiseamh a cheadú freisin i leith íocaíochtaí áirithe a dhéantar faoin Scéim um Scor Buan Deonach don Bhreatimeacht. Chun cáiliú don fhaoiseamh, caithfidh go raibh an duine aonair:

  • ina úinéir ar an soitheach iascaireachta, agus go raibh an soitheach agus ceadúnas gaolmhar in úsáid chun críocha iascaireachta ar feadh sé bliana ar a laghad sula raibh cúiteamh faighte
  • agus
  • go raibh sé nó sí 45 bliain d'aois ar a laghad ag an am sin.

Céard is Faoiseamh Scoir ann?

Tá dhá chineál Faoisimh Scoir ann, ag brath ar má dhiúscraíonn tú do ghnó nó feirm chuig:

  • do leanbh
  • duine taobh amuigh de do theaghlach.

Cuimsíonn an téarma 'leanbh' do:

  • do mhac nó d’iníon
  • leasleanbh nó leanbh do pháirtnéara shibhialta
  • leanbh uchtaithe nó aitheanta mar uchtaithe faoin Acht Uchtála, 2010
  • leanbh le leanbh básaithe
  • neacht nó nia a d’oibrigh go lánaimseartha sa ghnó nó san fheirm ar feadh cúig bliana ar a laghad suas go dtí dáta an diúscartha
  • leanbh altrama, ar thug tú aire dóibh ar do chostas féin ar feadh cúig bliana ar a laghad sular shroich siad 18 mbliana d’aois. (Ní mór fianaise ó bhreis agus finné amháin a bheith agat mar thaca leis seo).

Aistriú gnó nó feirme chuig do leanbh

Braitheann méid an fhaoisimh a fhéadtar a éileamh ar dháta an aistrithe, ar d'aois tráth an aistrithe, agus ar luach comhiomlán na sócmhainní a aistríodh.

I gcás aistrithe a rinneadh:

  • suas le 31 Nollaig 2013 féadtar faoiseamh iomlán a éileamh má tá tú 55 bliain d’aois nó níos sine
  • ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2024 (na blianta sin san áireamh), más rud é go raibh tú:
    • idir 55 agus 65 bliain d’aois, féadfaidh tú faoiseamh iomlán a éileamh
    • 66 bliain d’aois nó níos sine, tá an teorainn €3 milliún ar an bhfaoiseamh.
  • ó 1 Eanáir 2025, más rud é go bhfuil tú:
    • idir 55 agus 69 bliain d’aois, tá an teorainn €10 milliún ar an bhfaoiseamh.
    • 70 bliain d’aois nó níos sine, tá an teorainn €3 milliún ar an bhfaoiseamh.

Aisghlámadh ar fhaoisimh

Déantar an faoiseamh a aisghlámadh:

  • má éilíonn tú faoiseamh ar aistriú gnó nó feirme chuig do leanbh
  • agus
  • má dhiúscraíonn do leanbh an tsócmhainn taobh istigh de shé bliana.

Ní mór do do leanbh CGC a íoc ar an diúscairt bhunaidh a rinne tú, chomh maith leis an CGC ar a ndiúscairt féin.

Dliteanas CGC a iarchur

Féadtar faoiseamh éileamh ar aistriú gnó nó feirme chuig do leanbh. Sa chás go bhfuil dliteanas CGC fós dlite ar aistriú den sórt sin, féadfaidh tú an dliteanas CGC a thagann chun cinn a iarchur más rud é:   

  • go bhfuil tú 55 bliain nó níos sine
  • go n-aistríonn tú sócmhainní cáilitheacha chuig leanbh
  • go dtarlaíonn an t-aistriú/na haistrithe ar an 1 Eanáir 2025 nó dá éis
  • agus
  • go sáraíonn luach na sócmhainní sin an teorainn €10 milliún ar fhaoiseamh CGC atá ar fáil maidir le haistrithe den sórt sin. 

Más mian leat an dliteanas CGC a iarchur, ní mór duit éileamh a dhéanamh CGC a iarchur nuair thíolacann tú do thuairisceán CGC don bhliain ina dtarlaíonn an t-aistriú chuig do leanbh. 

Má dhiúscraíonn do leanbh na sócmhainní laistigh de 12 bhliain ón aistriú, déanfar an dliteanas CGC iarchurtha a chriostalú. Ní mór do do leanbh an dliteanas CGC iarchurtha a íoc chomh maith leis an dliteanas CGC a eascraíonn as a ndiúscairt féin.  

Diúscairt gnó nó feirme chuig duine taobh amuigh do do theaghlach

Féadtar faoiseamh iomlán a éileamh nuair nach sáraíonn an luach margaidh ag am na diúscartha an tairseach seo a leanas:

  • €750,000 le haghaidh diúscairtí a rinneadh:
    • ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2024 (na blianta sin san áireamh) agus tá tú idir 55 agus 65 bliain d’aois
    • ar 1 Eanáir 2025 nó dá éis agus tá tú idir 55 agus 69 bliain d’aois.
  • €500,000 le haghaidh diúscairtí a rinneadh
    • ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2024 (na blianta sin san áireamh) agus tá tú 66 bliana d’aois ar a laghad
    • ar 1 Eanáir 2025 nó dá éis agus tú 70 bliain d’aois ar a laghad.

Má tá an luach margaidh níos mó ná an tairseach, féadfaidh sé go mbeidh faoiseamh imeallach i gceist. Cuireann sé seo teorainn ar an CGC suas le leath den difríocht idir an luach margaidh agus an tairseach.

Aisghlámadh

Is teorainneacha saoil iad na tairseacha €750,000 agus €500,000 ar dhiúscairt do ghnó nó d'fheirme chuig duine éigin lasmuigh de do theaghlach. Níl faoiseamh ar fáil ar dhiúscairt sócmhainní cáilitheacha, nuair a sháraíonn an luach na teorainneacha saoil. Beidh tú faoi dhliteanas CGC ar dhiúscairtí den sórt sin.

Faoiseamh imeallach

Má cháilíonn tú le haghaidh faoisimh ar dhiúscairt gnó nó feirme do dhuine lasmuigh de do theaghlach, ach má sháraíonn tú na teorainneacha saoil, beidh CGC inmhuirir. É sin ráite, féadtar faoiseamh imeallach a bheith i bhfeidhm ar ghnóthachain a sháraíonn na tairseacha ar dhiúscairtí den sórt sin. Cuireann sé seo teorainn ar an CGC suas le leath den difríocht idir:

  • praghas díola nó luach margaidh
  • agus
  • an tairseach.

An chaoi le Faoiseamh Scoir a éileamh

Cuir an faoiseamh san áireamh agus do CGC á ríomh agat. Ní mór duit sonraí an ghnóthachain agus na n-éileamh ar fhaoiseamh agus, nó CGC iarchurtha a chur san áireamh nuair a thíolacann tú do tuairisceán CGC.

Ar aghaidh: Aistriú suímh ó thuismitheoir chuig leanbh