Faoiseamh i leith Infheistíochta i bhFiontair Nuálacha do dhaoine aonair

Infheistiú trí chomhpháirtíochtaí

Féadtar infheistíocht a dhéanamh faoin scéim seo trí chomhpháirtíocht. Feidhmíonn an scéim ar bhealach difriúil nuair a dhéantar an infheistíocht ar an mbealach seo.

Ní mór na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

  1. Ní mór gurb é príomhghnó na comhpháirtíochta ná cistí a infheistiú ar mhaithe lena gcuid comhpháirtithe.
  2. Ní mór duit a bheith i do chomhpháirtí agus €20,000 ar a laghad a infheistiú sa chomhpháirtíocht sula ndéanann an chomhpháirtíocht infheistíocht sa chuideachta.
  3. Ní mór don chomhpháirtí atá le leas a bhaint as an bhfaoiseamh a bheith ina dhuine aonair.
  4. Caithfidh an infheistíocht atá déanta ag an gcomhpháirtíocht a bheith cothrom le €20,000, ar a laghad.
  5. Cuirfidh an chuideachta cóipeanna dá Teastais Cháilíochta ar fáil don chomhpháirtíocht.

Nuair a dhíolann an chomhpháirtíocht an infheistíocht, féadfaidh gach comhpháirtí faoiseamh a éileamh ar a sciar de na gnóthachain. Chun an faoiseamh a éileamh, ní mór do gach comhpháirtí cóipeanna a thaispeáint de na Teastais Cháilíochta a tugadh don chomhpháirtíocht.

Tugtar an faoiseamh do chomhpháirtithe trí ráta Cánach Gnóthachan Caipitiúil (CGC) 18% a chur i bhfeidhm. Tá na gnóthachain a fhéadann leas a bhaint as an bhfaoiseamh d'aon infheistíocht teoranta don cheann is ísle acu seo a leanas:

  • an gnóthachan inmhuirir
  • dhá oiread an tsuim infheistíochta
  • agus
  • an t-iarmhéid den teorann saoil atá ar fáil.

Tabhair do d’aire

Comhairítear sciar gach comhpháirtí de na gnóthachain i dtreo na teorann €10 milliún dóibh mar infheisteoir.

Ar aghaidh: Idirghníomhú le faoisimh eile