Faoiseamh i leith Infheistíochta i bhFiontair Nuálacha do dhaoine aonair
An infheistíocht a dhéanamh
Mar dhuine aonair, féadtar infheistiú go díreach nó go hindíreach trí chomhpháirtíocht cháilitheach sa chuideachta cháilitheach.
Sa chás go n-infheistíonn tú go díreach sa chuideachta, ní mór an infheistíocht a bheith i scaireanna láníoctha. Ní mór nach mbeadh aon bhaint eile agat leis an gcuideachta.
Is é €20,000 an t-íosmhéid infheistíochta. Laghdaítear an t-íosmhéid infheistíochta seo go €10,000 má tá níos mó ná scairsheilbh 5% sa chuideachta i gceist.
Tabhair do d’aire
Ní fhéadfaidh do scairsheilbh iomlán sa chuideachta a bheith níos mó ná 49%.
- Sampla
Faigheann Natalia 1,000 scair i gcuideachta cháilitheach ar €12,000. Is ionann scairsheilbh Natalia agus 6% de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta. Comhlíonann an infheistíocht seo na critéir íosta infheistíochta.
Sula ndéanann tú an infheistíocht, ní mór don chuideachta cóipeanna de na Teastais Cháilíochta a chur ar fáil, ina bhfuil:
- Deimhniú Gnóthais Leantaigh
- agus
- Deimhniú Nuálaíochta Tráchtála.
Féadtar a dheimhniú go bhfuil na deimhnithe seo bailí ar dháta na hinfheistíochta tríd an gclár poiblí a sheiceáil. Tá faisnéis sa chlár poiblí faoi na cuideachtaí a bhfuil Deimhnithe Cáilíochta acu agus dátaí bailíochta na ndeimhnithe sin.
Ba chóir duit na deimhnithe seo a choinneáil le haghaidh do thaifid. Is fianaise iad go raibh an chuideachta ina cuideachta cháilitheach ag an am a rinne tú an infheistíocht.
Ní mór don chuideachta na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas faoin infheistíocht freisin.
Ar aghaidh: An infheistíocht a dhíol