Faoiseamh i leith Infheistíochta i bhFiontair Nuálacha do dhaoine aonair
Idirghníomhú le faoisimh eile
Mar infheisteoir, féadfaidh sé go gcáileoidh tú do níos mó ná faoiseamh amháin i leith:
- an infheistíocht sna scaireanna incháilithe
- nó
- diúscairt na scaireanna incháilithe i gcuideachta.
Infheistíocht sna scaireanna incháilithe
Féadtar éileamh a dhéanamh ar fhaoiseamh faoi Chuid 16 i leith na hinfheistíochta sna scaireanna incháilithe. Beidh tú incháilithe freisin an faoiseamh seo a éileamh ar dhiúscairt na hinfheistíochta. Ní fhéadtar an dá fhaoiseamh a éileamh ag an am céanna. Ní mór duit cinneadh a dhéanamh faoi cén faoiseamh a mbainfear leas as maidir le infheistíocht sna scaireanna incháilithe.
Diúscairt na scaireanna incháilithe
I gcás ina mbeidh feidhm ag na faoisimh seo a leanas maidir le hinfheistíocht a dhiúscairt, beidh feidhm ag na faoisimh sin, má tá an faoiseamh sin níos fabhraí:
- Faoiseamh Athbhreithnithe d’Fhiontraithe.
- nó
- Faoiseamh Scoir.