Cianobair ón mbaile

An chaoi a ríomhtar costais incheadaithe cianoibrithe

Ní fhéadtar éileamh a dhéanamh ach amháin i leith na laethanta a d’oibrigh tú ón mbaile mar chianoibrí. Ní fhéadtar na nithe seo a leanas a áireamh:

  • deireadh seachtaine nó laethanta saoire phoiblí nach raibh gá ort obair
  • laethanta a tógadh mar shaoire bhliantúil
  • laethanta a thug tú obair abhaile leat taobh amuigh de ghnáthuaireanta oibre.

Costas roinnte idir breis agus duine amháin

Má roinntear an costas idir beirt nó níos mó, féadtar é a chionroinnt bunaithe ar an tsuim a d’íoc gach duine.

Ríomh le haghaidh 2022 agus blianta ina dhiaidh

Ríomhtar d’fhaoiseamh trí úsáid a bhaint as an bhfoirmle (A x B) ÷ C - D x 30%, sa chás go bhfuil:

  • (A) do bhillí fóntais incheadaithe le haghaidh leictreachais, teasa agus leathanbhanda
  • (B) líon na laethanta cianoibre atá agat
  • (C) líon na laethanta sa bhliain mheasúnaithe ábhartha
  • (D) aon liúntas cianoibre a aisíocann d’fhostóir.

Tugtar an faoiseamh ag an ráta cánach is airde.

Chun do chostais cianoibrithe leictreachais agus teasa a ríomh:

  1. Méadaigh do bhillí fóntais incheadaithe faoi líon na laethanta cianoibrithe
  2. Roinn ar 365
  3. Méadaigh faoi 10% (0.1). 

Chun do chostas cianoibre i leith leathanbhanda a ríomh:

  1. Méadaigh do bhille faoi líon na laethanta cianoibre
  2. Roinn ar 365
  3. Méadaigh faoi 30% (0.3).

Tabhair do d'aire

Ríomhfaidh an Tuairisceán Cánach Ioncaim an faoiseamh nuair a chuirtear sonraí cuí isteach.

Ar aghaidh: An chaoi le Faoiseamh Cianoibre a éileamh