Cianobair ón mbaile

Cén costais a fhéadtar éileamh a dhéanamh ina leith?

Mura ndéanann d’fhostóir íocaíocht de €3.20 in aghaidh an lae, nó mura n-íocann sé-sí níos lú ná do chostais incheadaithe leat, féadfaidh tú Faoiseamh Cianoibre a éileamh. Tugtar an faoiseamh ag do ráta cánach is airde.

I gcás 2022 agus blianta ina dhiaidh

Féadtar 30% de chostas leictreachais, téimh agus leathanbhanda a chur síos mar chostas cianoibre. Tá cionroinnt bunaithe ar líon na laethanta a oibríodh sa bhaile i rith na bliana.

Do 2021

  • Féadtar:
  • 10% den chostas leictreachais agus téimh a chur síos mar chostas cianoibre
  • agus
  • 30% de chostas leathanbhanda mar chostas cianoibre.

Ní mór aon suimeanna a íoc d’fhostóir a asbhaint ó d’éileamh.

Pacáistí leathanbhanda

Féadfaidh sé go gcuirtear do leathanbhanda ar fáil mar chuid de phacáiste, amhail teilifís, fón, leathanbhanda. 

  • Sa chás go gcuireann do sholáthraí briseadh síos ar fáil ar chostas an phacáiste, is féidir leat 30% de na costais leathanbhanda a chur síos mar chostas cianoibre.
  • Sa chás nach gcuireann do sholáthraí briseadh síos ar fáil, tá na Coimisinéirí Ioncaim sásta cionroinnt réasúnta ar chostas an phacáiste a ghlacadh mar chostas do leathanbhanda. Féadtar 30% den úsáid leathanbhanda a chur síos mar chostas Cianoibre.

Is cuma cé acu a thugtar nó nach dtugtar briseadh síos duit, tá cionroinnt bunaithe ar líon na laethanta a oibríodh ón mbaile le linn na bliana.

Tabhair do d’aire

Ní costais incheadaithe iad míreanna caipitil a cheannaigh tú féin, amhail ríomhairí glúine, ríomhairí, trealamh oifige agus troscán oifige.

Ar aghaidh: An chaoi a ríomhtar costais incheadaithe cianoibrithe