Cianobair ón mbaile
An chaoi le Faoiseamh Cianoibre a éileamh
Tá an chaoi a n-éilíonn tú an faoiseamh éagsúil, ag brath ar an mbliain chánach.
Faoiseamh Cianoibre a éileamh
Féadtar an faoiseamh cánach a éileamh le linn na bliana nó tar éis dheireadh na bliana. Chun tacú le d'éileamh, ní mór duit admhálacha agus íomhánna de do bhillí fóntais a uaslódáil. Ní mór go mbeadh gach íomhá an admhála soiléir, inléite agus go léiríonn sé suim an bhille a íocadh.
An faoiseamh a éileamh don bhliain reatha
Féadtar an faoiseamh don bhliain reatha a éileamh i bhfíor-am trí admhálacha agus íomhánna de do bhillí fóntais a uaslódáil. Féadtar é seo a dhéanamh trí úsáid a bhaint as an Rianaire Admhálacha sa rannán 'Seirbhísí ÍMAT' i moChúrsaí.
Chun tuilleadh eolais a fháil ar an bhfaoiseamh a éileamh i rith na bliana, féach Cén chaoi le héileamh ar Chreidmheas Fíor-ama a dhéanamh.
An faoiseamh a éileamh tar éis dheireadh na bliana
Chun an faoiseamh a éileamh tar éis dheireadh na bliana:
- Sínigh isteach ar moChúrsaí.
- Sa rannán ‘Seirbhísí ÍMAT’, roghnaigh ‘Déan athbreithniú ar do cháin do na 4 bliana roimhe’.
- Roghnaigh an Bhliain Chánach Ioncaim 2023 agus roghnaigh ‘tíolaic’.
- Déan iarratas ar Réamhráiteas Deireadh Bliana
- Cliceáil ar 'Comhlánaigh do Thuairisceán Cánach Ioncaim'
- Sa rannán 'Creidmheasanna agus Faoisimh Chánach', roghnaigh 'Do phost' agus ansin roghnaigh 'Faoiseamh Cianoibre'
- Comhlánaigh agus tíolaic do Thuairisceán Cánach Ioncaim.
Is féidir leat do Thuairisceán Cánach Ioncaim do 2024 a chomhlánú ón 1 Eanáir 2025.
Le haghaidh 2021, níl sé éigeantach admhálacha a uaslódáil, ach cinnteoidh sé nach gá duit admhálacha bunaidh a choinneáil. Chomh maith leis sin, beidh suim na mbillí a d’íoc agus a uaslódáil tú ar fáil i do Thuairisceán Cánach Ioncaim.
Tabhair do d’aire
Mura n-uaslódáiltear admhálacha ná mbillí, ba chóir duit na bunchóipeanna a choinneáil ar feadh tréimhse sé bliana.
Míneoidh an físeán gairid seo an chaoi le héileamh a dhéanamh:
Ar aghaidh: Ríomhairí agus trealamh breise arna sholáthar ag an bhfostóir