Deacrachtaí maidir leis an logáil Isteach le haghaidh Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) a athshocrú

Mura bhféadtar na ceisteanna slándála a fhreagairt

Murab eol duit na freagraí ar na ceisteanna slándála, níl an rogha athshocraithe ar fáil duit.

Más tusa an Riarthóir ROS (príomhshealbhóir an chuntais ROS), ní mór duit clárú le haghaidh ROS arís chun do logáil isteach a chur ar bun arís.

Má tá an deimhniú ROS imithe in éag, féadtar an clárúchán a thosú anois.

Má tá an deimhniú ROS fós gníomhach, ní mór é a chúlghairm sula bhféadtar clárú arís. Seol ríomhphost chuig roshelp@revenue.ie le d'Uimhir Cláraithe Cánach agus iarr go ndéanfaí an 'Deimhniú ROS a chúlghairm'.

Más fo-úsáideoir ROS thú, ní mór duit teagmháil a dhéanamh le do Riarthóir ROS chun do chuid deacrachtaí i dtaca le logáil isteach a réiteach.