Deacrachtaí maidir leis an logáil Isteach le haghaidh Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) a athshocrú

Ní féidir linn d'iarratas a phróiseáil ag an am seo

Má fhaigheann tú an earráid 'Ní féidir linn d'iarratas a phróiseáil ag an am seo', ní bheidh an rogha athshocraithe ar fáil duit. D'fhéadfadh sé seo a bheith mar gheall:

  • nár socraíodh na ceisteanna slándála
  • go bhfuil do phróifíl Riarthóra ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) neamhiomlán (tá uimhir theileafóin nó ríomhphost ar iarraidh)
  • freagraíodh na ceisteanna slándála go mícheart faoi dhó.

Más tusa an Riarthóir ROS (príomhshealbhóir an chuntais ROS), ní mór duit clárú le haghaidh ROS arís chun do logáil isteach a chur ar bun arís.

Má tá an deimhniú ROS imithe in éag, féadtar an clárúchán a thosú anois.

Má tá an deimhniú ROS fós gníomhach, ní mór é a chúlghairm sula bhféadtar clárú arís. Seol ríomhphost chuig roshelp@revenue.ie le d'Uimhir Cláraithe Cánach agus iarr go ndéanfaí an 'Deimhniú ROS a chúlghairm'.

Más fo-úsáideoir ROS thú, ní mór duit teagmháil a dhéanamh le do Riarthóir ROS chun do chuid deacrachtaí i dtaca le logáil isteach a réiteach.

Ar aghaidh: Mura bhféadtar na ceisteanna slándála a fhreagairt