Deacrachtaí maidir leis an logáil Isteach le haghaidh Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) a athshocrú

Ní bhfuarthas cód fíoraithe

Mura bhfuair tú cód fíoraithe tar éis do logáil isteach le haghaidh ROS a athshocrú, féach na céimeanna thíos:

  1. Má d'iarr tú do chód fíoraithe trí ríomhphost, seiceáil i d'fhillteáin turscair agus dramhaíola.
  2. Mura réitíonn sé seo an fhadhb, déan an chéim arís ina n-iarrtar teachtaireacht téacs a fháil, más féidir.

Mura bhfuil cód fíoraithe faighte fós taobh istigh de 10 nóiméad, déan teagmháil leis an Deasc Chabhrach Theicniúil ROS.

Ar aghaidh: Ní féidir linn d'iarratas a phróiseáil ag an am seo