Creidmheas Cánach do Chúramóir Baile

Ag cáiliú don Chreidmheas Cánach do Chúramóir Baile

Chun an Creidmheas Cánach do Chúramóir Baile a éileamh ní mór duit a bheith ag tabhairt aire do chleithiúnaí. Ní mór duit a bheith pósta freisin nó i bpáirtnéireacht shibhialta agus measúnú comhpháirteach a bheith á dhéanamh ort i gcomhair Cáin Ioncaim.

Ní mór don chleithiúnaí dá bhfuil tú ag tabhairt cúraim:

  • a bheith ina leanbh dá bhfaigheann tú íocaíocht sochair leanaí ón Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS)
  • a bheith 65 bliain nó os a chionn
  • a bheith faoi éagumas buan i ngeall ar mhíchumas meabhrach nó fisiciúil.

An gcaithfidh an cleithiúnaí a bheith ina chónaí i do theach?

Má thugann tú aire do chleithiúnaí ar duine muinteartha leat é nó í, nó le do chéile nó do pháirtnéir sibhialta, ní gá dó a bheith ina chónaí i do theach. Ní mór dó áfach a bheith ina chónaí:

  • béal dorais i dteach sa chomharsanacht
  • ar an réamhaoin chéanna
  • taobh istigh de 2 chiliméadar ó do theach.

Ní mór nasc cumarsáide dírí (mar shampla, teileafón nó córas aláraim) a bheith idir do theach agus teach an chleithiúnaí. Áirítear le duine muinteartha duine a bhfuil tú mar chaomhnóir dlíthiúil aige nó aici.

Má thugann tú aire do dhuine nach duine muinteartha leat é nó í, agus nach duine muinteartha le do chéile nó le pháirtnéir sibhialta é nó í, ansin ní mór don duine sin a bheith ina chónaí i do theach.

Ar aghaidh: Rátaí an Chreidmheasa Cánach do Chúramóir Baile