Liúntas costais chothromráta
Costais fostaíochta a éileamh (seachas liúntais Costais Chothromráta (FRE)
Mura bhfuil liúntas FRE ar fáil do do chatagóir fostaíochta, féadfaidh sé go bhfuil tú fós i dteideal asbhaint i leith costais fostaíochta.
Chun cáiliú le haghaidh asbhaint, ní mór:
- Gur tusa a thabhaigh an costas
- Go bhfuil an costas deimhnithe
- Nár aisíoc d’fhostóir thú
- agus
- Ní mór an costas a bheith tabhaithe go hiomlán, go heisiach agus de riachtanas i gcomhlíonadh dhualgais d'fhostaíochta.
Tabhair do d’aire
Cuirtear i bhfeidhm go docht "go hiomlán, go heisiach agus go riachtanach i gcomhlíonadh dhualgais na tástála fostaíochta".
Chun asbhaint a éileamh i leith costais fostaíochta (lasmuigh de chóras an liúntais FRE), ní mór duit Tuairisceán Cánach Ioncaim a thíolacadh tar éis dheireadh na bliana.
Chun éileamh a dhéanamh ar chostais fostaíochta, tá na céimeanna seo a leanas ag teastáil:
- Sínigh isteach ar moChúrsaí.
- Cliceáil ar an nasc 'Déan athbhreithniú ar do Cháin do na 4 bliana roimhe seo' sa nasc 'Seirbhísí ÍMAT'.
- Iarr Ráiteas Dliteanais don bhliain chánach chuí.
- Cliceáil ar ‘Comhlánaigh Tuairisceán Cánach Ioncaim’.
- Ar an leathanach 'Creidmheasanna & Faoisimh Chánach', roghnaigh 'Do Phost-Costais ÍMAT Eile' agus cuir isteach sonraí an éilimh.
- Comhlánaigh agus sínigh do Thuairisceán Cánach Ioncaim.