Liúntas costais chothromráta
Cén chaoi le liúntas FRE a éileamh
Riachtanas chun éileamh a dhéanamh
Ní mór duit éileamh a dhéanamh le haghaidh gach bliain chánach ábhartha chun leas a bhaint as an liúntas FRE cuí.
Féadtar éileamh a dhéanamh sa bhliain trí moChúrsaí, nó tar éis dheireadh na bliana cánach agus do Thuairisceán Cánach Ioncaim á thíolacadh agat. Nuair a éilíonn tú sa bhliain, cuirtear sochar an FRE i bhfeidhm ar do chreidmheasanna cánach i bhfíor-am.
Chun liúntas Costais Chothromráta a éileamh sa bhliain reatha
- Sínigh isteach ar moChúrsaí.
- Roghnaigh ‘Bainistigh Do Cháin’ don bhliain reatha in ‘Seirbhísí ÍMAT’.
- Cliceáil ar ‘Déan éileamh ar creidmheasanna cánach’.
- Roghnaigh 'Do phost' agus cliceáil ar 'Costais Chothromráta'.
- Comhlánaigh an fhoirm agus tíolaic í.
Tá sonraí faoin gcaoi le FRE méadaithe a éileamh do 2023 agus 2024 le fáil in alt 7.2.3 de Tax and Duty Manual Part 05-02-20.
Liúntas FRE a éileamh do na 4 bliana roimhe sin
- Sínigh isteach ar moChúrsaí.
- Cliceáil ar an nasc 'Déan athbhreithniú ar do Cháin do na 4 bliana roimhe seo' sa nasc 'Seirbhísí ÍMAT'.
- Iarr Ráiteas Dliteanais don bhliain chánach chuí.
- Cliceáil ar ‘Comhlánaigh Tuairisceán Cánach Ioncaim’.
- Ar an leathanach ‘Creidmheasanna & Faoisimh Chánach’, roghnaigh ‘Do phost-costais chothromráta’ agus cuir leis é mar chreidmheas cánach.
- Comhlánaigh agus sínigh do Thuairisceán Cánach Ioncaim.
Féadtar Liúntas Costais Chothromráta a éileamh ar an Tuairisceán Cánach Ioncaim (Foirm 11) chomh maith trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).
Tá feidhm ag an riail ceithre bliana i leith aisíocaíochtaí a éileamh ar liúntas costais chothromráta.
Ar aghaidh: Costais fostaíochta a éileamh (seachas liúntais Costais Chothromráta (FRE)