Do Cháin Ioncaim a ríomh
An chaoi a n-oibríonn creidmheasanna cánach
Laghdaíonn creidmheasanna cánach an tsuim chánach a íocann tú. Ní mór cáin a bheith íoctha agat i d'fhostaíocht chun creidmheasanna cánach a úsáid.
Tabhair do d’aire
Féadtar creidmheasanna cánach breise a éileamh a d’fhéadfadh a bheith dlite duit in 2025. Féadtar éileamh a dhéanamh trí chliceáil ar an nasc ‘Bainistigh do cháin don bhliain reatha’ faoin rannán Seirbhísí ÍMAT in moChúrsaí.
Más fostaí thú, féadtar do chreidmheasanna cánach a fheiceáil ar do Dheimhniú Creidmheasanna Cánach.
Cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim d'fhostóir ar an eolas faoi do chreidmheasanna cánach iomlána. Ní thabharfar na Coimisinéirí Ioncaim briseadh síos dóibh ar do chuid creidmheasanna cánach, ní thabharfar ach an tsuim iomlán. Bainfidh d’fhostóir úsáid as seo chun an tsuim chánach atá le hasbhaint ó do phá a ríomh.
Faoin gcóras Íoca Mar a Thuillir (ÍMAT), roinntear creidmheasanna cánach go cothrom i rith na bliana. Má tá tú ag obair don bhliain iomlán, déanfar do chreidmheasanna cánach a roinnt ar na bealaí seo a leanas:
- 52 suim seachtainiúil cothrom, má íoctar go seachtainiúil thú
- 26 suim coicísiúla cothrom, má íoctar go coicísiúil thú
- 12 suim míosúla cothrom, má íoctar go míosúil thú
- nó
- 13 suim cothrom, má íoctar gach ceithre seachtaine thú.
Má tá dara nó níos mó post agat, féadfaidh tú do chreidmheasanna cánach a roinnt eatarthu. Féadtar é seo a dhéanamh ach cliceáil ar an nasc ‘Bainistigh do cháin don bhliain reatha’ faoin rannán Seirbhísí ÍMAT in MoChúrsaí.
Creidmheasanna cánach neamhúsáidte
Aistrítear chuig tréimhse pá ina dhiaidh sin nó tréimhsí sa bhliain chánach chéanna aon chreidmheasanna neamhúsáidte cánach i dtréimhse phá. Ní fhéadtar:
- aisíocaíocht a fháil ar chreidmheasanna cánach neamhúsáidte
- nó
- creidmheasanna cánach neamhúsáidte a thabhairt ar aghaidh chuig bliain chánach eile.
- Sampla 1
Is duine singil agus fostaí ÍMAT í Damhnait. Tá sí i dteideal Creidmheas Cánach do Dhuine Singil agus Creidmheas Cánach Fostaí a éileamh.
Creidmheasanna cánach Gemma le haghaidh 2025
Creidmheasanna |
Suimeanna |
Creidmheas Cánach do Dhuine Singil |
€2,000 |
Creidmheas Cánach Fostaí |
€2,000 |
Iomlán na gcreidmheasanna cánach |
€4,000 |
Tá creidmheasanna cánach seachtainiúla de €76.92 ag Gemma (€4,000÷52). Chuir na Coimisinéirí Ioncaim an tsuim seo in iúl dá fhostóir.
- Sampla 2
Is duine singil agus fostaí ÍMAT é Martin. Íoctar go míosúil é. Tá sé i dteideal an Creidmheas Cánach do Dhuine Singil agus an Creidmheas Cánach Fostaí a éileamh.
Creidmheasanna cánach Mháirtín le haghaidh 2025
Creidmheasanna |
Suimeanna |
Creidmheas Cánach do Dhuine Singil |
€2,000 |
Creidmheas Cánach Fostaí |
€2,000 |
Iomlán na gcreidmheasanna cánach |
€4,000 |
Tá creidmheas cánach míosúil de €333.33 (€4,000÷12) ag Máirtín. Chuir na Coimisinéirí Ioncaim an tsuim seo in iúl dá fhostóir.
- Sampla 3
Is fostaí ÍMAT é Séamus. Tá sé pósta le Claire agus gearrtar cáin air faoi mbonn measúnaithe chomhpháirtigh. Níl ioncam ag Claire. Tá leanaí cleithiúnacha acu agus faigheann Claire Sochar Linbh dóibh.
Tá Séamus i dteideal an Creidmheas Cánach do Dhuine Pósta, an Creidmheas Cánach Fostaí agus an Creidmheas Cánach do Chúramóir Baile a éileamh.
James' tax credits for 2025
Creidmheasanna cánach Shéamuis le haghaidh 2023
|
Luach
|
Creidmheas Cánach Duine Pósta
|
€4,000
|
Creidmheas Cánach Fostaí
|
€2,000
|
Creidmheas Cánach do Chúramóir Baile
|
€1,950
|
Iomlán na gcreidmheasanna cánach
|
€7,950
|
Tá creidmheasanna cánach seachtainiúla de €152.88 ag Séamus (€7,950÷52). Chuir na Coimisinéirí Ioncaim an tsuim seo in iúl dá fhostóir.
Ar aghaidh: Céard is Deimhniú Creidmheasanna Cánach ann?