Scéim aisíocaíochta TTLC

Cad iad na doiciméid a theastaíonn uaim chun éileamh a dhéanamh?

Chun éileamh a phróiseáil, ní mór duit d'Fhoirm Éilimh Aisíocaíochta TTLC comhlánaithe a thíolacadh agus an méid seo a leanas a chur ar fáil:

  • gach sonrasc CBL do gach chéad soláthar de choincréit réidh le doirt a bhfuil éileamh ar aisíocaíocht á dhéanamh ina leith
  • agus
  • doiciméid a sholáthraítear don mhonaróir coincréite réamhtheilgthe ón soláthraí coincréite réidh le doirt ina sonraítear an Tobhach ar Tháirgí Lochtacha Coincréite (TTLC) a ghearrtar ar gach soláthar.

Tabhair do d’aire

Má rinneadh an coincréit réidh le doirt go hinmheánach, ní mór duit an doiciméadú inmheánach a ghintear sa ghnó a sholáthar ina sonraítear an TTLC a ghearrtar.

D'fhéadfadh píosa doiciméadaithe amháin an t-eolas riachtanach ar fad atá leagtha amach thuas a chur ar fáil.

Ní mór duit d'fhoirm chomhlánaithe agus sínithe a thíolacadh leis na doiciméid seo trí M’Fhiosruithe.